Údarás na Gaeltachta le tacú le Gaeltacht níos glaise leis an scéim Glasoiliúint

D’fhógair Údarás na Gaeltachta go bhfuil an scéim Glasoiliúint oscailte le haghaidh iarratas go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2025.

Is scéim thacaíochta oiliúna é Glasoiliúint dírithe ar cheardaithe agus daoine proifisiúnta sa Ghaeltacht atá ag iarraidh tabhairt faoi chúrsaí breisoiliúna in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite. Beidh deis ag iarrthóirí cur lena scileanna nó le haistriú isteach san earnáil más mian leo.

Beidh deontas suas le €2,000 ar fáil ag ráta 75% i dtreo táillí teagaisc agus costais taistil (más gá) do chúrsaí aitheanta faoi riail ‘de minimis’ do cheardaithe agus daoine proifisiúnta sa Ghaeltacht.

Is gá gur cúrsaí aitheanta páirtaimseartha amháin iad na cúrsaí seo, a bheidh dírithe ar chúrsaí forbairt gairme, scileanna a fheabhsú agus scileanna nua a fhorbairt. Ní íocfar aon deontas i leith cúrsaí lánaimseartha. Fút féin atá sé cúrsaí aitheanta a aimsiú atá ábhartha do do cheird nó proifisiún.

Is léir go bhfuil deiseanna móra fostaíochta in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite, le héileamh an-mhór ar scileanna leictreacha, pluiméireachta, innealtóireachta, ailtireachta, suiteála, tógála agus díonlach. Tá infheistíocht á déanamh ar thuirbíní gaoithe amuigh ón gcósta agus éileamh ar phainéal gréine, coirí leictreacha agus teaschaidéil ag méadú freisin.

“Tugann an scéim seo deis do dhaoine uasoiliúint a dhéanamh i réimse an fhuinneamh in-athnuaite agus cuir lena gcuid scileanna mar chuid de fhorbairt ghairmiúil leanúnach. Tá réimse leathan cúrsaí á sholáthar sa chomhthéacs seo ina measc Suiteáil Coimisiúnú, Cothabháil agus Seirbhísí Caidéil Teasa, cúrsaí i Scileanna Inslithe Iarfheistiú agus Suiteáil Ghrianphainéal. Más spéis leat tabhairt faoi chúrsa ba chóir iarratas a dhéanamh.” arsa Aisling Nic Aoidh, Oifigeach Oideachais agus Oiliúna Údarás na Gaeltachta.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an Scéim Glasoiliúint trí teagmháil a dhéanamh le oiliuint@udaras.ie, nó ar shuíomh an Údaráis ag: https://udaras.ie/oiliuint-fostaiocht/glasoiliuint/

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.