Feictear Teamhair na Rí mar an láthair is tábhachtaí in Éirinn. Breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar an bhfáth leis sin

Grianghraf: Germán Póo-Caamano
Mar a scríobh mé an tseachtain seo caite ba é Teamhair na Rí, nó Cnoc Teamhrach, lárionad Ard-Rí na hÉireann. Tagann an focal Teamhair ón tSean-Ghaeilge, Temuir, a tháinig, ar a sheal, ón gCeiltis Temoria ‘radharc’ agus is cinnte go bhfuil radharc maith ann ón gcnoc sin.
Tá Teamhair ar cheann de na suíomhanna ríoga atá timpeall na tíre. Is iad na cinn eile Eamhain Mhacha i gCúige Uladh, Ráth Chruachan i gCúige Chonnacht, Cnoc Ailinne i gCúige Laighean, Caiseal Mumhan i gCúige Mumhan agus Uisneach a bhí i lár tíre.
Bhí an láthair ina úsáid ó 3,500 r.ch. ina raibh suíomh adhlactha tábhachtach ann. Bhí sé fós ina úsáid le teacht an ré Cheilteach thart ar 500 RCh. D’fhorbair sé mar ionad do chultas ríogachta coisricthe ón am sin ar aghaidh.
Ní hamháin go raibh cumhacht pholaitiúil ag baint leis an áit, ach ionad spioradálta a bhí ann freisin, agus atá ann go fóill. Bhíodh na draoithe ag obair ansin agus bhíodh siad ag tabhairt comhairle don Ard-Rí.
Nuair a tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn sa chúigiú haois bhí a fhios aige gurbh í Teamhair na Rí an phríomháit le deireadh a chur leis an seanchreideamh agus an Chríostaíocht a chur i bhfeidhm. Mar sin thug Naomh Pádraig dúshlán do na draoithe. Bhí a fhios aige go raibh sé de nós an chéad tine Bhealtaine a lasadh ar Chnoc Teamhrach agus an bhladhm sin a scaipeadh timpeall na tíre ó thine chnámh go tine chnámh chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhéile na Bealtaine. Ach bheartaigh Naomh Pádraig tine a lasadh roimh ré ar Chnoc Sláine. Dúirt na draoithe mura múchtar an tine sin an oíche sin go mbeadh deireadh leis an seanchreideamh go deo.
Tá Lia Fáil ar Chnoc Teamhrach inniu. Chreidtí go nglaodh Lia Fáil amach chun an tArd-Rí nua a thoghadh. Bhí sí lonnaithe in aice le Dumha na nGiall, ach bogadh í go Cnoc Teamhrach ina ndiaidh 1798 chun cath 1798 a chomóradh agus in ómós do na coirp ón chath sin atá curtha i dTeamhair.
Bhí cúig bhóthar ríoga ag teacht ó Theamhair na Rí: Slí Asail, a chuaigh go Loch Uail, Slí Chualainn a chuaigh trí Bhaile Átha Cliath agus Cill Mhantáin, Slí Dála a chuaigh go hOsraí, Slí Midluachra a chuaigh go Cósta Thuaidh Aontroma trí Eamhain Mhacha agus Slí Mhór a chuaigh chun na Gaillimhe tríd an Eiscir Riada. Ach deir an tOllamh Liam Mac Mathúna gur ó Áth Cliath a tháinig na bóithre sin.
De réir na scéalta chur Naomh Ruadhán deireadh le Teamhair sa séú haois mar ionad d’Ard-Ríthe na hÉireann nuair a chuir sé mallacht ar an áit ag rá ‘Scriosaim Teamhair go deo’ de bharr gur thóg an t-Ard-Rí Diarmuid Mac Cearrbhaill dúnmharfóir Aoidh Ghuaire ó lóistín Naomh Ruadhán agus é faoina dhídean.
De bharr an tseasaimh náisiúnta a bhí ag Teamhair, bhí an áit i gcroílár imeachtaí móra staire na tíre. Mar shampla, in 1798 bhí cath ar Theamhair ina raibh na hÉireannaigh Aontaithe ag troid ina aghaidh arm Shasana chun saoirse na tíre a bhaint amach. In 1843 Dónal Ó Conaill mórchruinniú ar an gcnoc chun saoirse creidimh a bhaint amach do Chaitlicigh go háirithe. In 1916 bheartaigh óglaigh ó Bhriogáid Lú d’Óglaigh na hÉireann máirseáil go Cnoc Teamhrach, ach níor tharla sé de bharr gur chuir Eoin Mac Néill an t-ordú amach Éirí Amach na Cásca a chur ar ceal.
De réir an Bhrainse Logainmneacha níl taighde déanta go fóill ar logainmneacha Teamhrach. Tabharfaidh sé léargas níos fearr dúinn do stair na háite dá má tá suim ag scoláire éigin dul i mbun an taighde seo.
Tá Cnoc Teamhrach fós ina mhealladh do go leor daoine agus feictear turasóirí ann go minic. Tá sé fós ina áit naofa do phágánaigh Cheilteacha agus bíonn siad ag ceiliúradh ann ag grianstad an tsamhraidh go háirithe. Tá mé féin i mo chónaí gar don áit agus is pribhléid dom dul ann go minic. An chéad uair eile atá seans agat, a léitheoir, b’fhiú duit dul ann chun ár n-oidhreacht stairiúil agus spioradálta a mhothú ansin.
Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath