Tá amhrán nuachumtha Pan-Cheilteach 2026 á lorg!

Tá an Comórtas Amhrán Nua-Chumtha Pan-Cheilteach ’26 fógartha. €1,000 atá le buachan chomh maith leis an trófaí náisiúnta agus an deis canadh ar son na hÉireann! 

Is comórtas é seo chun amhrán nua a aimsiú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann ag Comórtas Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach 2026. Ní foláir na hamhráin a bheith as Gaeilge agus is gá na liricí maraon leis an gceol a bheith nua-chumtha. Cuireann an comórtas seo fáilte roimh gach stíl amhráin idir amhráin thraidisiúnta, popamhráin nó amhráin tíre, rac nó rap, snagcheol agus eile. 

Glacfar le hiarratais suas go Dé Luain an 8 mí na Nollag 2025 agus is mian leis an lucht eagraithe a dhearbhú nach bhfuil gá le taifead proifisiúnta ag an gcéad chéim seo den chomórtas. Déanfar gearrliosta de na hiarratais agus beidh na hamhráin a roghnófar le canadh beo ag an gcomórtas náisiúnta a bheidh ar siúl Dé Sathairn an 24 Eanáir 2026 in Amharclann GB Shaw, Ceatharlach. Beidh painéal moltóirí ann chun na hamhráin a mheas ar fheabhas na bhfocal, an cheoil agus cur i láthair. 

Tá an comórtas á reachtáil i gcomhar le Comhairle Contae Cheatharlach le tacaíocht ó IMRO, an tOireachtas, Foras na Gaeilge  agus Gael Linn. Bronnfar duais €1,000 agus an trófaí náisiúnta ar chumadóir an amhráin arna roghnú ag na moltóirí chomh maith le bheith ina iarratas ar son na hÉireann ag an gcomórtas idirnáisiúnta a bheidh ar siúl le linn Fhéile Idirnáisiúnta Phan-Cheilteach 2026 an Cháisc seo chugainn. Is ansin a bheidh an t-amhrán in iomaíocht leis na hamhráin nuachumtha ag na tíortha Ceilteacha eile, ina measc Albain, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, Corn na Breataine agus an Bhriotáin.

Tá sonraí uile faoin gcomórtas náisiúnta ar www.panceltic.ie . Is féidir eolas a fháil ach glaoch ar 087 2857048, 085 1340047 nó scríobh chuig pancelticcarlow@gmail.com

Ní foláir iarratais a sheoladh go leictreonach faoi 5 pm Dé Luain an 8 Nollaig 2025 chuig pancelticcarlow@gmail.com nó is féidir dlúthdhiosca a chur sa phost chuig Comórtas Amhrán Pan-Cheilteach, Glór Cheatharlach, Áras na nÓg, Éire Óg, Ceatharlach R93 Y020. 

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.