Seán Kelly FPE ag éileamh deireadh a chur leis an athrú séasúrach ama san Aontas Eorpach

Cóilín Duffy

Agus cloganna na hEorpa le dul siar uair an chloig an deireadh seachtaine seo, tá an plé ar an athrú séasúrach ama tar éis filleadh ar chlár oibre Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg. Ghlac feisirí Eorpacha páirt Déardaoin i ndíospóireacht faoin togra chun deireadh a chur leis an gcleachtas dhá uair sa bhliain a bhaineann le hathrú ama.

Tá Seán Kelly, FPE don Deisceart agus Cathaoirleach Ghrúpa Oibre Pharlaimint na hEorpa ar an Athrú Séasúrach Ama, ag cur brú ar Uachtaránacht na Danmhairge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh chun dul i ngleic leis an gceist arís.

I litir chomhshínithe leis an FPE Gearmánach Peter Liese chuig Ambasáid na Danmhairge san Aontas, d’iarr an bheirt ar an Uachtaránacht “tosaíocht a thabhairt don chomhad tábhachtach seo agus obair le Ballstáit chun dul chun cinn a bhaint amach sna caibidlíochtaí.”

“Is nós imeachta as dáta é an t-athrú séasúrach ama nach dtugann aon tairbhe fhíor do shaoránaigh ná don gheilleagar sa bhliain 2025,” a dúirt an FPE Kelly. “Léiríonn fianaise eolaíoch go gcuireann an t-athrú ama isteach ar chodladh, go méadaíonn sé rioscaí sláinte mar taomanna croí, agus go gcruthaíonn sé níos mó timpistí bóthair. Níor tháinig aon choigilteas fuinnimh dá bharr, mar sin tá sé in am deireadh a chur leis.”

Mhol an Coimisiún Eorpach in 2018 deireadh a chur leis an athrú séasúrach ama tar éis comhairliúcháin phoiblí a bhailigh 4.6 milliún freagra, agus 84% díobh i bhfabhar deireadh a chur leis an gcleachtas. Thacaigh Parlaimint na hEorpa leis an togra in 2019, ach tá an dul chun cinn stoptha ó shin toisc nár aontaigh Ballstáit ar chur chuige comhchoiteann.

“Tá tacaíocht láidir againn ó shaoránaigh, ón bParlaimint, agus fiú ón Uachtarán von der Leyen,” a dúirt an FPE Kelly. “Tá deis ag an Uachtaránacht Danmhargach an bac seo a bhriseadh agus leas praiticiúil a chur i bhfeidhm a fheabhsaíonn saol laethúil daoine.”

Faoi threoir AE atá i bhfeidhm faoi láthair, bogann Ballstáit na cloganna chun tosaigh uair an chloig ar an Domhnach deiridh i Márta agus ar ais uair an chloig ar an Domhnach deiridh i mí Dheireadh Fómhair gach bliain. Thabharfadh an togra 2018 deis do gach Ballstát cinneadh a dhéanamh fanacht ar am an tsamhraidh nó ar an am caighdeánach, fad is a choinnítear comhordú trasteorann.

“Tá sé ríthábhachtach go bhfanfaidh Éire agus an Ríocht Aontaithe ar na socruithe céanna,” a dúirt an FPE Kelly. “Ní mór dúinn na hoícheanta fada samhraidh sin a chaomhnú, ach ag an am céanna, seachaint aon neamhréire idir an dá thaobh den teorainn.”

Tá an cheist seo ar fionraí i gComhairle an Aontais ó 2019, ach táthar ag súil go gcuirfidh an díospóireacht nua i Strasbourg borradh faoin bpróiseas.

Beidh na cloganna ag dul siar uair an chloig ag 2am ar an Domhnach, an 26 Deireadh Fómhair 2025 — mar a bhíonn siad ag athrú le 117 bliain anuas, ó cuireadh an cleachtas seo i bhfeidhm den chéad uair in 1908.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.