Pléadálann fear ciontach as bagairtí báis nó dochar a dhéanamh ar an Tánaiste 

Phléadáil fear as Leitir Mealláin i gConamara ciontach as bagairtí a dhéanamh ar bhall den rialtas ar líne.  Rinne sé bagairtí báis nó dochair ar an Tánaiste Simon Harris agus a chlann i mí Lúnasa anuraidh nuair a bhí Harris in Thaoiseach.  Tar éis a chúisithe tugadh os comhair na cúirt dúiche é an tseachtain seo i nDoire an Fhéich, Conamara i gContae na Gaillimhe mar ar phléadáil sé ciontach.

I mí Lúnasa 2024, ghabh agus cheistigh na Gardaí é as líomhaintí maidir le bagairtí i gcoinne bheatha Simon Harris, a bhean agus a chlann, le bagairtí dochair ina theannta sin.  Cuisíodh é as na cionta sin agus tugadh é os cómhair an Bhreithimh Gerard Furlong le linn seisiúin speisialta den chúirt dúiche i nGaillimh. Cúisíodh é faoi Alt 5, bagairtí duine a mharú nó díobháil thromchúiseach a dhéanamh, den Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine, 1997, cion a bhfuil deich mbliana príosúnachta ag baint leis.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!