Réalta Óg na Bliana 2025 – caith do vóta anois!

Níl móran am fagtha agat le vóta a chaitheamh ar son Réalta Óg na Bliana 2025 i nGradam Cúmarsáide an Oireachtas, a bheidh ar siúl Dé Ceadaoin seo chugainn.

Is cúigear atá ainmnithe ar ghearrliosta na bliana seo. Is iad sin Katelyn Hayes (Nuacht Cúla4), Róise Ní Mhurchú (BBC Raidió Uladh), Joe Mac Aoidh (Nuacht TG4, Nuacht Cúla4 agus 7 Lá), Máire Ní Churraoin (TG4 agus ardáin ilmheáin) agus Rhiann Flemming (Nuacht TG4 agus Nuacht Cúla4). Is í Aisling Ní Dhonnabháin (Raidió Rí-Rá) a bhuaigh Réalta Óg na Bliana 2024.

Is ar bhonn vóta phoiblí a bhronnfar gradam Réalta Óg na Bliana. Beidh deis ag an bpobal vóta a chaitheamh dá rogha féin den seisear trí théacs a sheoladh. Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, an 28 Deireadh Fómhair 2025. Is iad Púca urra an ghradaim seo.

I measc na ndaoine a bhfuil an gradam seo faighte acu thar na blianta tá Cillian de Búrca (RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Raidió Rí-Rá); Sláine Ní Chathalláin; Damien Ó Dónaill (RTÉ Raidió na Gaeltachta); Séamus Ó Scanláin (RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4); agus Máire-Bríd Ní Chualáin (RTÉ Raidió na Gaeltachta).

Is í Aisling Ní Dhonnabháin a bhuaigh an gradam in 2024.

Chun vóta a chaitheamh, téacsáil an focal GRADAM agus UIMHIR an té a dteastaíonn uait vóta a chaitheamh di nó dó chuig 51500 ó Phoblacht na hÉireann, ó Thuaisceart Éireann nó ón mBreatain Mhór

Mar shampla, chun vótáil do:

  • Katelyn Hayes téacsáil GRADAM1
  • Róise Ní Mhurchú téacsáil GRADAM2
  • Joe Mac Aoidh téacsáil GRADAM3
  • Máire Ní Churraoin téacsáil GRADAM4
  • Rhiann Flemming téacsáil GRADAM5

Tá gnáth-tháillí líonra i bhfeidhm. D’fhéadfadh difríocht a bheith idir costas na dtáillí líonra, ag braith ar an líonra móibíleach atá agat. Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, an 28 Deireadh Fómhair 2025. Níl cead ag baill foirne an Oireachtais vóta a chaitheamh.

Is é Púca an soláthraí seirbhíse.

Bronnfar Gradam Réalta Óg na Bliana ag ócáid bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025 le linn Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl i Halla na Cathrach, Béal Feirste Dé Céadaoin, an 29 Deireadh Fómhair 2025. Beidh an searmanas bronnta á sruthú beo ar líne ag tg4.ie.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.