I gcéim mhór i leith oideachais agus comhoibriú tras-teorainn tá an chéad chlár printíseachta uile-oileáin riamh seolta ag Rialtas na hÉireann agus ag Féidhmeannas Thuaisceart Éireann le chéile.
D’fhorbair Teicneoirí Cuntasaíochta Éireann an phrintíseacht teicneora cuntasaíochta, agus cuirfear an phrintíseacht ar fáil in éineacht le hOllscoil Teicneolaíochta na Sionainne agus leis an Ollscoil Oscailte i dTuaisceart Éireann.
Tabharfaidh an phrintíseacht oiliúint do mhic léinn i nuálaíocht san airgeadas digiteach agus córais inbhuanaithe, ag freastal ar riachtanais atá ag forbairt san earnáil.
Is iad an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta sna 26 chontae James Lawless TD, agus an tAire Geilleagair i dTuaisceart Éireann, an Dr Caoimhe Archibald, a sheol an fiontar.
Dúirt an tAire Lawless, “Is céim shuntasach é seoladh an na printíseachta seo, atá á cur i bhfeidhm in Éirinn ar fad, thuaidh agus theas, chun ár n-uaillmhian chomónta a bhaint amach fórsa saothair réidh don todhchaí a chruthú ar fud an oileáin.
“Neartaíonn an phrintíseacht comhoibriú eacnamaíoch agus iomaíocht ar bhonn thuaidh-theas agus léiríonn sí an cineál comhoibriú praiticiúil a spreagann fás fadtréimhseach”.
Dúirt an tAire Archibald, “Tá mé tiomanta do leathnú deiseanna oiliúna iarchéime ar fud an oileáin, agus do chur chun cinn comhoibriú trasna na teorann agus fás comhroinnte.
“Is céim mhór chun tosaigh í an phrintíseacht nua seo. Cuireann sí feabhas ar ár gcuraclam agus ullmhóidh sí foghlaimeoirí do na dúshláin atá ag fás i ngairm na cuntasaíochta.
“Tugann an clár seo aghaidh go díreach ar fhás na hintleachta saorga agus ar an ngá atá ag dul i méid le tuairiscíocht inbhuanaithe – scileanna atá riachtanach anois d’oibrithe gairmiúla sa chuntasaíocht nua-aimseartha.
“Tá sé riachtanach anois do ranna agus d’eagraíochtaí rialtais tionchar polasaí ar an eacnamaíocht, ar chúrsaí sóisialta agus rialaithe a nochtadh ina gcuid tuarascálacha bliantúla, ag cur trédhearcacht agus freagracht chun cinn.”
Díríonn an clár chuig BSc le honóracha coiteann i dTeicneolaíocht Chuntasaíochta, bailíochtaithe mar Leibhéal 8 ag Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne agus mar Leibhéal 6 ag an Ollscoil Oscailte sa Ríocht Aontaithe.