
Is íospartaigh phíoráideachta cabhlachán domhanda Sumud í. Rinneadh ionsaí ar an gcabhlachán Dé Céadaoin, nuair a chuir fórsaí míleata Iosrael stop leo in uiscí idirnáisiúnta. Coinníodh na sibhialtaigh a bhí ar bord agus tugadh chuig calafort Iosrael iad.
Tá beagnach 50 bád sibhialtach i gcabhlachán domhanda Sumud a iompraíonn thart ar 500 duine, parlaiminteoirí, dlíodóirí agus gníomhaithe ina measc, lena n-áirítear an feachtasóir aeráide Sualannach Greta Thunberg. Tá dhá shaoránach Éireannacha is fiche ar bord báid atá ag iompar cúnaimh i dtreo Gaza.
Tá imshuí cabhlaigh curtha ag Iosrael ar Gaza ó ghlac Hamas smacht ar an limistéar cósta in 2007. Tá roinnt iarrachtaí déanta ag gníomhaithe roimhe seo chun cabhair a sheachadadh thar muir.
Thart ar sé a chlog Dé Céadaoin, dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin Chris Andrews, atá mar chuid den chabhlachán go raibh níos mó ná deich soitheach de chuid Chabhlach Iosrael ina líne os a gcomhair. Go luath ina dhiaidh sin dúirt eagraithe Sumud gur stopadh iad agus gur tháinig pearsanra míleata Iosrael ar bhord a gcuid soitheach.
D’úsáid Cabhlach Iosrael canóin uisce leis an gcabhlachán a stopadh. Tugadh treoir dóibh a gcúrsa a athrú. Cailleadh sruthú beo agus an chumarsáid le roinnt bád go gearr ina dhiaidh sin. I bhfíseán de Chabhlach Iosrael tugtar ordú do chabhlachán Sumud inneall an tsoithigh a mhúchadh.
Tugadh saoránaigh a bhí ar bhord bháid an mhisin dhaonnúil mar chuid de chabhlach Sumud chuig calafort Iosraelach. I measc na sibhialtach seo tá triúr Éireannach, Tara O’Grady, Diarmuid Mac Dubhghlais agus Thomas McCune, a d’eisigh físeáin ag lorg cabhrach. D’iarr siad ar gach duine in Éirinn a éileamh go ligfear saor iad láithreach agus teagmháil a dhéanamh le Simon Harris agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha.
Dúirt Simon Harris go raibh sé i ndlúth-theagmháil lena chuid oifigeach atá ag obair ar an talamh agus gur labhair sé le comhghleacaithe san Aontas Eorpach maidir leis an gcabhlachán freisin. Ina theannta sin, dúirt sé gur ábhar imní iad na tuairiscí faoin gcabhlach agus go bhfuil an misean síochánta seo ag tarraingt airde ar thubaiste dhaonnúil uafásach.
Tá an cás píoráideachta seo ag fáil aird idirnáisiúnta. Dhíbir Uachtarán na Colóime, Gustavo Petro, na taidhleoirí Iosraelacha go léir a bhí fágtha sa tír. Tá stailc ghinearálta ag an gceardchumann is mó san Iodáil inniu mar agóid i gcoinne na gníomhaireachta i gcoinne chabhlachán Sumud. Tá go leor polaiteoirí Éireannacha tar éis a éileamh ar Iosreal cloí le dlíthe idirnáisiúnta.
Dúirt Hamas gur “coir phíoráideachta agus sceimhlitheoireachta muirí in aghaidh sibhialtach” é gur gníomh Iosrael cabhlach cúnaimh a bhí ag dul go Gaza a stopadh. Chomh maith leis sin, dúirt Hamas go gcaithfidh “gach cosantóir saoirse ar domhan” é a cháineadh.
Tá Barra Ó hÉineacháin TD mar chuid de chabhlachán eile atá ag dul i dtreo Gaza san am i láthair. Tá sé ar an Milad atá sa Mheánmhuir faoi láthair, sé lá i ndiaidh an chabhlachán Sumud. Ag caint le An Páipéar, dúirt Ó hÉineacháin, “Ba misean daonnúil a bhí ann agus bhí siad in uiscí idirnáisiúnta agus anois, tá Iosrael tar éis an dlí idirnáisiúnta a bhriseadh. Tá sé uafásach; cén fáth go bhfuil dlí idirnáisiúnta ann más féidir le tíortha é a bhriseadh gan iarmhairtí.”