Ómós tugtha do Ghaeilgeoir agus taibheoir aitheanta a fuair bás 

Fuair Anne Craig bás i gCathair Dhoire an deireadh seachtaine seo caite.

Jack Mac Íomhair 

Bhí scamall bróin ar phobal Chathair Dhoire ag tús na seachtaine agus an scéal amuigh go bhfuil duine a bhí go mór chun tosaigh sa phobal i ndiaidh bás a fháil.

Fuair Anne Craig (O’Leary roimh phósadh di) bás ar an 18 Deireadh Fómhair i gCathair Dhoire agus tugadh ómós di ó gach cearn den chathair le linn na seachtaine.

Dúirt Garbhán Downey go raibh sí agus a fear céile Jim mar chnámh droma Chlub Amharclannaíochta Dhoire ar feadh níos mó ná 20 bliain. Dúirt sé fosta gur bhuail an péire ag cleachtadh de chuid an chlub ag tús na 70í.

Dúirt Garbhán fosta go raibh an-tallann aici sna drámaí ar fad a raibh sí páirteach ann amhail Men Without Shadows, The Queen and the Rebels, agus The Loves of Cass McGuire. Chomh maith leis sin labhair sé faoi na scileanna a bhí aici taobh thiar den stáitse fosta, ag cuidiú maidir leis na drámaí. 

Bhí an-bhaint ag Anne le Fóram na Mílaoise, amharclann sa chathair, agus bhí sí ag feidhmiú ansin mar oifigeach oideachais ar feadh na mblianta. 

Ní hamháin go raibh Anne bainteach leis an phobal amharclannaíochta, bhí an-bhaint aici fosta le pobal na Gaeilge sa chathair. 

Dúirt Bunscoil Cholmcille agus Naíscoil Dhoire go raibh an-bhrón orthu faoi bhás Anne. 

Dúirt siad go raibh Anne mar chomhalta bboird le fada leo agus go raibh sí mar thacadóir paiseanta Bhunscoil Cholmcille agus Naíscoil Dhoire mar Ghaelscoil Chaitliceach agus go raibh sí mar thacadóir dílis don Ghaeloideachas go ginearálta. 

Críochnaigh siad ag rá, ‘Ar dheis Dé go raibh a hanam dílis. Inár gcuimhní, inár gcroíthe, i gcónaí a Anne. 

Bhí Aifreann na marbh d’Anne Craig in Ardeaglais Naomh Eoghan sa chathair Dé Máirt agus cuireadh i reilig na cathrach í.

Suaimhneas síoraí dá hanam uasal.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.