Ná glac leis an scéalaíocht bhréagach gur bagairt dúinn go léir í an Ruis

Eoin Ó Murchú

Tá na Rúisigh ag teacht! Tá na Rúisigh ag teacht!

Sea, táimid ar ais sa chogadh fuar, agus pobail an Iarthair faiteach roimh bhagairt ón Oirthear, ón Rúis, ó fhórsaí an diabhail. Agus mar gheall ar an mbagairt seo tá brú orainn ar fud na hEorpa, i dtír neodrach nó eile, airgead a bhaint ó chiste an leasa shóisialta agus ullmhúcháin a chur i gcrích don chogadh atá ag teacht.

Ach níl aon bhagairt ann. In ionad glacadh le scéalaíocht an Iarthair a chumann pictiúir de Rúisigh ar thóir fola dúinn, b’fhéidir go mbeadh sé níos fearr breathnú ar a bhfuil á rá ag na Rúisigh féin. Ní haon dochar ach an oiread cluas a thabhairt do dhearbhú an leagain Rúisigh den scéal a thuig daoine ar nós Henry Kissinger fiú .

Thug Kissinger rabhadh go mbeadh cogadh ann dá ngabhfadh ECAT isteach san Úcráin. Thug sé rabhadh go gceapfadh na Rúisigh go raibh iarracht ar siúl iad a thimpeallú agus na stáit Bhailteacha in ECAT cheana agus caint oscailte faoin Úcráin, an tSeoirsia agus an Mholdóiv a thabhairt isteach sa chomhghuaillíocht.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.