Na Gaeil CLG, Trá Lí, ag buachan Ghradam Náisiúnta na Gaeilge ag Gradaim Cúiseanna Maithe 2025

Ceathrar eile ó Ghaillimh agus Baile Átha Cliath san iomaíocht don onóir náisiúnta

Cóilín Duffy

Bhí Na Gaeil CLG, Trá Lí, i measc na mbuaiteoirí móra ag Gradaim Cúiseanna Maithe an Chrannchuir Náisiúnta 2025, áit ar bronnadh Gradam na Gaeilge orthu mar aitheantas ar an obair eisceachtúil atá déanta acu chun an Ghaeilge a chur i gcroílár shaol an chlub agus an phobail.

Bunaíodh Na Gaeil CLG in 1979, agus tá breis agus 600 ball gníomhach acu faoi láthair. Tá rath mór bainte amach ag an gclub ar an bpáirc imeartha i mbliana, le foirne sinsir na bhfear agus na mban araon ag sroicheadh chraobhchluichí contae. Ach is sa réimse cultúrtha agus teanga atá an dul chun cinn is suntasaí déanta acu, ó chomharthaíocht dhátheangach go ranganna Gaeilge, ó mheáin shóisialta go himeachtaí pobail.

Ag labhairt le An Páipéar, dúirt Colm Ó Súilleabháin, Leas-Chathaoirleach an chlub, “Tá an t-adh againn le Gaelscoil Mhic Easmain trasna an bhóthair agus le Gaelcholáiste sa bhaile chomh maith. Bhí an tsuim sa Ghaeilge sa chlub i gcónaí, notaí na gcruinnithe dátheangach agus mar sin de. Tháinig borradh mór nuair a tháinig Fondúireacht Sheosamh Mhic Dhonnacha. Fuair muid bonn cré ar dtús, ansin bonn airgid, agus le cúnamh Dé, beidh muid in ann bonn óir a bhaint amach in 2026.”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.