Léiríonn an stair, agus an bronnadh ar María Corina Machado, gur ceap magaidh é duais síochána Nobel

An Dr. Kerron Ó Luain

María Corina Machado.

Tá duais síochána Nobel á bhronnadh ar bhonn bhliantúil, a bheag nó a mhór, ón mbliain 1901 i leith. Maítear go mbronntar an duais ar dhaoine “a rinne an obair is mó nó is fearr ar son bhráithreachas na náisiún, ar son chealú nó laghdú na n-arm seasta agus ar son reáchtáil nó chur chun cinn comhdhálacha síochána”.

De réir uachta Nobel, is é an Coiste Ioruach Nobel, coiste de chúigear a cheapann Parlaimint na hIorua, a roghnaíonn an té a mbronntar an duais orthu gach bliain. Dár ndóigh tá duaiseanna eile Nobel i réimsí a baineann leis an eolaíocht agus an litríocht. Ach níl an chúis gur shocraigh Alfred Nobel ar dhuais síochána a bhronnadh soiléir. Deir scoláirí áirithe gur mhothaigh Nobel ciontach de bharr gur úsáideach nithe a chruthaigh sé, amhail an dinimít agus an bhallistít, don chogaíocht. Is cosúil gur dá bharr sin gur theastaigh uaidh an tsíocháin a spreagadh tríd an duais.

Cibé cúis atá leis, is ceap magaidh é an duais mar go mbronntar é go rialta ar pholaiteoirí agus stáitseirbhísigh a bhfuil fuil ar a lámha. Go luath i ndiaidh bhás Nobel bronnadh an duais síochána ar Theodore Roosevelt, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, in 1906. Bhí ról ag Roosevelt i ndeireadh a chur leis an gCogadh idir an Rúise agus an tSeapáin le síniú Chonradh Portsmouth. Ach impiriúlach bródúil Meiriceánach ab ea é Roosevelt. An mana a bhí aige ná “labhair go séimh agus iompar bata mór”, rud ar ar glaodh “idé-eolaíocht an bhata mhóir”. Croílár na hidé-eolaíochta ná go n-úsáideadh Stáit Aontaithe Mheiriceá a n-ollchumhacht mhíleata chun a spriocanna eachtrannacha a bhaint amach, rud a chuir Roosavelt i bhfeidhm i Meiriceá Theas agus Láir agus sna hOileáin Fhilipíneacha go háirithe.

In 1973 tugadh duais síochána Nobel do Henry Kissinger, Rúnaí Stáit SAM, a bhí freagrach as feachtais bhuamála sa Chambóid agus i Laos, agus a thacaigh le coup faisisteach sa tSile. Dúirt an t-amhránaí Tom Lehrer go bhfuair an aoir pholaitiúil bás an lá a bhfuair Kissinger an duais síochána.

Roinnt blianta ina dhiaidh sin, in 1978, bronnadh an duais ar Menachem Begin, Príomh-Aire Iosrael, de bharr gur shínigh sé conradh síochána idir Iosrael agus an Éigipt. Ach bhí Begin ina cheannaire tráth ar Irgun, grúpa antoisceach Iosraelach. Ba iad Irgun a bhí ciontach as Ár Deir Yassin, nuair a deineadh sléacht ar 107 Palaistíneach, páistí agus mná ina measc, le linn Nakba 1948.

Tá samplaí eile den chur i gcéill i leith na duaise i gcaitheamh na mblianta. Seans gurb é an sampla is áiféisí le blianta beaga anuas ná an bronnadh a rinneadh ar Barack Obama go luath ina uachtaránacht in 2009. Ina dhiaidh sin níor leasc le Obama cead a thabhairt don bhuamáil dróin ar fud an Mheánoirthir, chabhraigh sé le scrios a dhéanamh ar an Libia in 2011, agus lean sé leis na feachtais mhíleata impiriúlacha san Iaráic agus san Afganastáin.

I mbliana, bronnadh duais síochána Nobel ar cheannaire freasúra Veiniséala, María Corina Machado. Glaonn na mórmheáin “gníomhaí daonlathais” ar Machado. Níor luadh sa scéal ar RTÉ ar líne fúithi go bhfuil amhras ar go leor daoine an bhfuil a leithéid de dhuais tuillte aici in aon chor. Tá lámh lárnach ag Machado, atá i bhfad amach ar an eite dheas, in coups foréigneacha a chur ar bun i Veiniséala. Tháinig sé chun solais go n-íocann Machado dronga coirpigh, ar a nglaoitear comanditos, le dul i mbun foréigin agus cíor thuathail chun an bonn a bhaint de stát Veiniséala. Lena chois sin, tá tacaíocht tugtha aici d’Iosrael, do Benjamin Netanyahu agus dá pháirtí Likud. I ráiteas amháin dúirt sí gurb é “streachailt Veiniséala streachailt Iosrael”. I ndiaidh di duais síochána Nobel a bhuachan dúirt sí go mbogfadh sí ambasáid Veiniséala ó Tel Aviv go hIarúsailéim dá dtoghfaí mar uachtarán í.

Is léir mar sin gur cur i gcéill soiniciúil atá i nduais síochána Nobel. Ach, sa mhullach air sin, is gléas polaitiúil é le spriocanna straitéiseacha geopholaitiúil an Iarthair a bhaint amach. I gcás Machado agus Veiniséala is í an mhian ná coup a chur ar bun a thacódh le spriocanna impiriúlacha SAM i Meiriceá Theas.

Léiriú eile é ar chlaontacht na duaise ná go bhfuil neamhaird iomlán ar na daoine, go leor Palaistíneach ina measc, atá tréaniarracht déanta acu deireadh chur leis an slad agus cinedhíothú ar bun. Ba é an cinedhíothú an cheist ba mhó ar domhan le bliain anuas, agus ó bhí 2023 ann, ach braith an coiste nárbh amhlaidh an scéil. 

Dá mbeadh aon cheartas ann, roghnófaí na grúpaí frith-chogaidh sa Phalaistín agus san Iosrael, nó leithéidí Francesa Albanese, an Rapóirtéir Speisialta do na Náisiúin Aontaithe, do dhuais síochána Nobel. Mar a dúirt an t-iriseoir Chris Hegdes fúithi, “nuair a scríobhfar stair an chinedhíothaithe in Gaza, beidh sí luaite mar cheann de na gaiscígh is cróga agus is glórmhara ar son an chirt agus dlí idirnáisiúnta”.

Ach ní réitíonn a leithéid le claontacht impiriúlach coiste “síochána” Nobel.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.