Domhnall Mac Concharraige

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Ceannarás TG4 lonnaithe i mBaile na hAbhann i gConamara i gCo. na Gaillimhe
Grianghraf: Darren J. Prior

Tá an t-ádh dearg orainn mar Ghaeil go bhfuil stáisiún teilifíse againn, ach an bhfuil a fhios agat go raibh orainn troid go tréan chun é a fháil? Sa léamthuiscint seo foghlaimeoimid faoi bhunú TG4 agus forbairt an stáisiúin i rith na mblianta.

Ar feadh blianta fada bhí na Gaeil ag iarraidh stáisiún Gaeilge. Sna 1980í bunaíodh grúpa darb ainm Coiste ar son Teilifís Gaeltachta agus in 1987 thosaigh siad stáisiúin teilifíse bradach darb ainm Teilifís na Gaeltachta. Craolodh cláir a bhí taifeadta roimh ré agus fuair siad neart tacaíochta ó mhuintir na Gaeltachta. D’éirigh leo 4,000 punt a thiomsiú mar shampla. Sna 1990í bhí níos lú ná 5% de chláir trí Ghaeilge ar RTÉ. Cuireadh an-bhrú ar an rialtas éisteacht le muintir na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge ar fud na tíre.

In 1994 ceapadh Micheál D Ó hUigínn mar Aire Gaeltachta agus in 1996 seoladh Teilifís na Gaeilge nó TnaG den chéad uair. Athraíodh an t-ainm go TG4 in 1999. Tá ceanncheathrú TG4 lonnaithe i mBaile na hAbhann i nGaeltacht Chonamara ar an bpríomhbhóthair ó Chathair na Gaillimhe agus is minic a fheiceann dalta a fhreastalaíonn ar na coláistí samhraidh é. Ar dtús bhí buairt ann nach mairfeadh an stáisiún, mar shampla dúirt iriseoir amháin gur Teilifís De Lorean a bhí ann. Tagairt ba é sin don déantúsóir cáiliúil gluaisteán ar theip a chomhlacht air. In anneoin na ndeacrachtaí uilig beidh TG4 tríocha bliain ar an bhfód an bhliain seo chugainn agus faigheann siad os cionn 50 milliún euro ón rialtas mar mhaoiniú gach bliain. Is léir go bhfuil TG4 slán sábhailte agus leanfaidh siad ar aghaidh ag cur cláir den scoth ar nós Ros na Rún, 7 lá, agus GAA Beo ar fáil do phobal na Gaeilge, gan trácht ar na cláir fáisnéise iontacha a dhéanann siad.


Ceisteanna buntuisceanna

  1. Ainmnigh an grúpa feachtasaíochta a bunaíodh chun stáisiún teilifíse a fháil do phobal na Gaeilge?
  2. Cad é céatadán na gclár a bhí trí Ghaeilge ar RTÉ sna 1990í?
  3. Cé a bhí ina Aire Gaeltachta in 1994/
  4. Cén t-ainm a bhí ar TG4 nuair a bunaíodh an stáisiún?
  5. Cén áit a bhfuil ceanncheathrú TG4?
  6. Cé mhéad airgid a fhaigheann TG4 ón rialtas in aghaidh na bliana?

Ceist bhreise: Scríobh léargas ar an gclár teilifíse is fearr leat ar TG4. 

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.