
Grianghraf: Niall Carson/PA
A chairde, faoi dheireadh thiar thall tá lá an toghcháin buailte linn agus caithfear an deichiú Uachtarán ar Éirinn a roghnú. Tá na stáisiúin vótála oscailte ó 7 a chlog ar maidin go dtí 10 a chlog san oíche.
Moltar plean éigin a bheith agat má tá sé i gceist agat do vóta a chaitheamh. Tóg comhartha aitheantais leat, pas, ceadúnas tiomána, nó cárta aitheantais ollscoile. Ba cheart go mbeadh cárta vótála faighte ag gach duine atá cláraithe chun vóta a chaitheamh ach tabhair faoi deara nach bhfuil sé seo ag teastáil chun do vóta a chaitheamh, díreach cuireann sé in iul do dhaoine cá bhfuil an stáisiún vótála áitiúil.
Ar an bpáipéar ballóide pioc do rogha de réir uimhreach. Ní ghlacfar le X nó tic atá curtha sa bhosca. Beidh triúr ar an bpáipéar ballóide ach toisc gur tharraing Jim Gavin amach beidh an chuid is mó den tír ag roghnú Catherine Connolly nó Heather Humphreys. Mar sin níl ach le déanamh ná uimhir a 1 a scríobh in aice le do rogha. Ní gá vóta a bheith scríofa i bpeann luaidhe nó badhró mar sin is féidir do rogha rud a dhéanamh maidir leis seo.
Tá cosc ar fhón póca a bheith agat agus daoine i mbun vótála mar sin moltar gan pictiúr nó físeán a dhéanamh den pháipéar ballóide nó tá contúirt ann nach nglacfar leis an vóta. Dár ndóigh caithfear a bheith 18 mbliana d’aois chun vóta a chaitheamh agus caithfear a bheith cláraithe.
Rachaidh muintir na n-oileán chuig na stáisiúin vótála ar an lá céanna don toghchán seo. Le fada bhí sé ina nós go rachaidís ag vótáil an lá roimh ré ach níl sé sin i bhfeidhm don toghchán uachtaránachta seo.
Beidh lárionad comhairimh don toghchán uachtaránachta lonnaithe i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Tosóidh an comhaireamh ar an 25 Deireadh Fómhair, an lá dár gcionn agus fógrófar buaiteoir an toghcháin ón ionad seo nuair a bheidh an comhaireamh thart. Is é toghchán na huachtaránachta an t-aon am a bhfaigheann gach duine an páipéar ballóide céanna, ach fós comhairtear na vótaí de réir dáilcheantair. Is próiseas sách fada é comhaireamh na vótaí mar sin. Meastar go mbeidh a fhios ag muintir na hÉireann ar an 25 Deireadh Fómhair mura bhfuil athchomhair ach beidh le feiceáil.
Beidh deireadh le téarma Mhichíl D Uí Uigínn ar an 10 Samhain agus déanfar an tUachtarán nua a insealbhú an lá dár gcionn. Tarlóidh sé seo arís i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
Tá na díospóireachtaí thart, tá an stocaireacht críochnaithe, faoin am seo amárach beidh a fhios ag muintir na hÉireann cé hí ár nUachtarán nua.