Dé Ceadaoin an 29 Deireadh Fómhair
11:00 COMÓRTAS NA gCÓR
Comórtais do chóir bhunscoile
IONAD: An Halla Mór, Bunurlár, ICC
12:30 COMÓRTAS NA gCÓR
Comórtais do chóir mheánscoile
IONAD: An Halla Mór, Bunurlár, ICC
13:00 OSCAILT OIFIGIÚIL NA FÉILE
Is é An tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary T.D a sheolfaidh an fhéile go hoifigiúil.
Beidh scoth na siamsaíochta ó Cleamairí Feirste, Gearóidín Breathnach, Burnchurch agus Cór na nÓg Caisleán Ruairí chun tús spleodrach a chur le hOireachtas na Samhna 2025!
IONAD: ICC
14:30 BRONNADH DHUAISEANNA LITEARTHA AN OIREACHTAIS 2025
Fógrófar torthaí shraith chomórtais liteartha 2025 agus bronnfar na duaiseanna ar scríbhneoirí na mbuaicshaothar.
IONAD: An Stiúideo, Bunurlár, ICC
15:30 SEOLADH: Ag scríobh don Scáileán
Scéim Forbartha Scríbhneoirí agus Scéalaithe Gaeltachta á sheoladh ag Ard-Stiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín
Fáilte roimh scríbhneoirí agus scéalaithe Gaeltachta a bhfuil suim acu scríobh don scáileán.
Is scéim í seo atá á rith ag TG4 le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta agus Gréasán na Meán Skillsnet le scríbhneoirí Gaeltachta a spreagadh agus a fhorbairt le scríobh don scáileán. Beidh ceardlanna, tacaíocht mheantóireachta, agus deis cur isteach ar scéimeanna forbartha scannáin ar fáil mar chuid den scéim. Is é Greg Ó Braonáin a bheidh mar stiúrthóir ar an gcúrsa a reachtófar in 2026 thar roinnt míonna.
IONAD: An Stiúideo, Bunurlár, ICC
16:00 NOCHTADH PICTIÚIR IN ÓMÓS GHEARÓID UÍ CHAIREALLÁIN
Déanfaidh Uachtarán an Oireachtais 2025, Éamon Ó Cuív, pictiúr de Ghearóid Ó Cairealláin a nochtadh i stáisiun Raidió Fáilte mar chomóradh ar dhuine de bhunaitheoirí Raidió Fáilte a d’imigh in éag i mí na Nollag 2024.
Beidh fáilte roimh chách.
IONAD: Raidió Fáilte, 30 Sráid Dhubhaise, Béal Feirste, BT 12 4AL
18:30 CÁIS, CEOL ‘S ÓL
Beidh scoth an cheoil, damhsa, amhránaíochta agus bia ar fáil ag an oíche Cáis, Ceol ‘s Ól.
Ullmhóidh cócaire an Chaifé Ceoil, Ciarán Ó Cruadhlaoic 4 mhias aitheantais agus i measc na n-ealaíontóirí a bheidh rannpháirteach, beidh: Conor Caldwell, Róisín Chambers, Becky Ní Éallaithe agus Caitríona Ní Ghribín.
Arna eagrú ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain
IONAD: Áras Mhic Reachtain, 283-289 Bóthar Aontroma, Béal Feirste, BT15 2GZ
DÍOLTA AMACH
19:30 FÁILTIÚ NA nGRADAM CUMARSÁIDE
Cuirfear tús leis an oíche le Fáiltiú Seaimpéin
IONAD: Halla na Cathrach, Béal Feirste
20:00 ÓCÁID BHRONNTA GHRADAIM CHUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS 2025
BEO ÓN OIREACHTAS ar www.tg4.ie
Bronnfaidh An tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary T.D lóchrann an Oireachtais ar bhuaiteoirí Ghradaim Chumarsáide 2025.
IONAD: Halla na Cathrach, Béal Feirste
Déardaoin an 30 Deireadh Fómhair
10:00 AGALLAMH BEIRTE (A)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 6-9 mbliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Halla 2A, Leibhéal 1, ICC
10:00 AGALLAMH BEIRTE (C)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 11-13 bliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Halla 2B, Leibhéal 1, ICC
10:00 AITHRISEOIREACHT (A)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 3-5 bliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Seomra Cruinnithe 2, Leibhéal 3, ICC
10:00 – 17:00 AN SEOMRA TEAGHLAIGH
Beidh cúinne spraoi ina mbeidh bréagáin do leanaí óga ann chomh maith le sraith imeachtaí éagsúla. Beidh cluichí boird, ábhar ealaíne, leabhair agus eile do gach aoisghrúpa ar fáil chomh maith.
Arna eagrú ag Glór na nGael
IONAD: ARC, Bunurlár, ICC
10:30 SCÉALAÍOCHT (A)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 7-9 mbliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Seomra Cruinnithe 1, Leibhéal 3, ICC
10:30 VEIDHLÍN (A)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 7-10 mbliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Seomra Cruinnithe 3, Leibhéal 3, ICC
11:00 AITHRISEOIREACHT (B)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 6-7 mbliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Seomra Cruinnithe 2, Leibhéal 3, ICC
11:00 AGALLAMH BEIRTE (B)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 9-11 blianaar Lá Samhna 2025
IONAD: Halla 2A, Leibhéal 1, ICC
11:00 – 12:00 CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
‘Barrscéalta’
Arna chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
IONAD: Raidió Fáilte, 30 Sráid Dhubhaise, Béal Feirste, BT 12 4AL
11:30 SCÉALAÍOCHT (B)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 10-13 bliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Seomra Cruinnithe 1, Leibhéal 3, ICC
11:30 VEIDHLÍN (B)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 10-12 bliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Seomra Cruinnithe 3, Leibhéal 3, ICC
11:30 AINMNIÚ ÁITEANNA AGUS COMHROINNT ÁITEANNA
Tabharfaidh an tOllamh Mícheál Ó Mainnín, Ciarán Mac Giolla Bhéin, agus an Dr Brian Devlin caint spéisiúil ar stair agus ar thodhchaí na n-ainmneacha logánta sa tuaisceart.
Ag tarraingt ar an obair a rinneadh le Tionscadal Ainmneacha Logánta Thuaisceart Éireann, déanfaidh na cainteoirí iniúchadh ar an chaoi a nochtann ainmneacha ár mbailte, ár sráidbhailte, ár n-aibhneacha, agus ár sainchomharthaí tíre sraitheanna d’oidhreacht chultúrtha, teanga, agus féiniúlacht. Ní lipéid ar léarscáil amháin atá in ainmneacha logánta, ach iompraíonn siad scéalta faoi lonnaíocht, coimhlint agus muintearas.
Arna eagrú ag an Roinn Pobal Thuaisceart Éireann
IONAD: Dánlann Dillon, An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Béal Feirste
12:00 AGALLAMH BEIRTE (D)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 14-17 mbliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Halla 2B, Leibhéal 1, ICC
12:15 AITHRISEOIREACHT (C)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 8-9 mbliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Seomra Cruinnithe 2, Leibhéal 3, ICC
12:30 VEIDHLÍN (C)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 14-17 mbliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Seomra Cruinnithe 3, Leibhéal 3, ICC
12:30 SCÉALAÍOCHT (C)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 14-17 mbliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Seomra Cruinnithe 1, Leibhéal 3, ICC
13:00 CEOL BEIRTE (A)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 7-10 mbliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Halla 2A, Leibhéal 1, ICC
13:00 SEOLADH OIFIGIÚIL: ‘Aonach an Oireachtais’
Is é An tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary T.D. a sheolfaidh Aonach an Oireachtais 2025 go hoifigiúil.
Beidh scoth an cheoil ón mbanna ceoil, Burnchurch, ó 12:00 ar aghaidh.
IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC
13:30 AN FHEADÓG STÁIN (A)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 7-9 mbliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Seomra Cruinnithe 3, Leibhéal 3, ICC
13:30 AITHRISEOIREACHT (D)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 10-11 bliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Seomra Cruinnithe 2, Leibhéal 3, ICC
13:45 CEOL BEIRTE (B)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 11-12 bliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Halla 2A, Leibhéal 1, ICC
14:00 AGALLAMH BEIRTE
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
Beo ón Oireachtas ar www.tg4.ie
IONAD: An Stiúideo, Bunurlár, ICC
14:00 LÚIBÍNÍ (A)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 6 -10 mbliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Halla 2B, Leibhéal 1, ICC
14:00 LOGAINMNEACHA MHAIGH EO
Cur i láthair ar ‘Logainmneacha agus Oidhreacht Dhún Chaocháin i mBarúntacht Iorrais, Condae Mhaigh Eo, 2004’ le hUinsíonn Mac Graith & Treasa Ní Ghearraigh & ‘Logainmneacha Acla ar líne’ Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla, 2025’ le Colm MacEachmharcaigh.
Beidh Seisiún na nÓg le ceoltóirí óg ó cheantair Iorrais i ndiaidh na hócáide seo.
Arna eagrú ag Gaeilge Iorrais
IONAD: Svuít Copenhagen, Leibhéal 2, Óstán Europa
14:00 CAINT AGUS CUR I LÁTHAIR
‘Seoda na Gaeilge i gCartlanna an Tuaiscirt: Brendan Adams (1917-81), Caomhnóir na gCanúintí, a shaothar agus a bhailiúcháin san Iarsmalann i gCúl Trá’
Cur i láthair a bheidh ag díriú ar shaol agus ar obair G. B. (Brendan) Adams, Caomhnóir na gCanúintí ag Iarsmalann Daonchultúir Uladh, ileolaí agus ilteangach. Idir na 1940í agus a bhás in 1981, rinne sé taighde ceannródaíoch ar mheath labhartha na Gaeilge i gCúige Uladh agus thaifead sé canúintí reatha an chúige ar théipeanna, ar léarscéalta agus i bhfoclóireacht. Tugann oidhreacht Adams inspioráid go fóill d’fhoireann na hIarsmalainne ag Cúl Trá, áit a bhfuil a chuid taighde agus a lán míreanna eile a bhaineann le stair na Gaeilge le feiceáil sa lá atá inniu ann.
Arna eagrú ag Iarsmalann Daonchultúir Uladh
IONAD: Svuít Bhaile Átha Cliath, Leibhéal 2, Óstán Europa
14:00 SEOLADH SCÉAL.IE
Láithreán gréasáin úr scéal.ie á sheoladh ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin agus Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht ó Fhoras na Gaeilge, Anna Davitt
Tá athbhrandáil agus athnuachan déanta ar phríomh eolaire dhigiteach na nGael (PEIG.ie mar a bhí). Tabharfar spléachadh ar an láithreán nua agus a ghnéithe le cur in iúl na bealaí is fearr chun leas a bhaint aisti. Is é príomhchuspóir Scéal.ie eolas a chur ar fáil faoi chúrsaí Gaeilge – ó imeachtaí agus cúrsaí Gaeilge go deiseanna fostaíochta, nuacht agus acmhainní do phobal na Gaeilge.
Is féidir le heagraíochtaí Gaeilge, pobal agus stáit fógraí poist, liostaí imeachtaí, cúrsaí samhraidh, scéimeanna tacaíochta, agus acmhainní do dhaoine atá ag foghlaim nó ag úsáid na Gaeilge a chlárú ann. Freastalaíonn sé ar cainteoirí Gaeilge, foghlaimeoirí, eagraíochtaí agus an pobal i gcoitinne a bhfuil suim acu sa teanga agus sa chultúr.
Tá Scéal.ie maoinithe ag Foras na Gaeilge
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge
IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC
14:15 AN FHEADÓG STÁIN (B)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 10-11 bliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Seomra Cruinnithe 3, Leibhéal 3, ICC
14:30 AITHRISEOIREACHT (E)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 12-13 bliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Seomra Cruinnithe 2, Leibhéal 3, ICC
14:30 CEOL BEIRTE (C)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 13-17 mbliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Halla 2A, Leibhéal 1, ICC
15:00 SCEITSE
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
Beo ón Oireachtas ar tg4.ie
IONAD: An Stiúideo, ICC
15:00 LÚIBÍNÍ (B)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 11-12 bliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Halla 2B, Leibhéal 1, ICC
15:00 SEOLADH
Seolfar FOTHEIDIL, córas a dhéanann trascríobh ar comhaid fuaime nó físeáin. Tabharfar spléachadh ar Theicneolaíochtaí AI agus ar áiseanna ABAIR.
Arna eagrú ag An tSaotharlann Foghraíochta & Urlabhra, Coláiste na Tríonóide (www.abair.ie)
IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC
15:15 AN FHEADÓG STÁIN (C)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 12-14 bliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Seomra Cruinnithe 3, Leibhéal 3, ICC
15:30 RAPCHEOL
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá faoi 10 mbliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Seomra Cruinnithe 2, Leibhéal 3, ICC
15:45 LÚIBÍNÍ (C)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 14-17 mbliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Halla 2B, Leibhéal 1, ICC
16:00 SEOLADH LEABHAIR
’Katie agus an Pacáiste Rúnda’ le Éadaoin Ní Dhomhnaill á sheoladh ag Fearghas Mac Lochlainn.
Is é seo an chéad úrscéal atá foilsithe ag Éadaoin, údar óg as Inis Meáin. Is úrscéal bleachtaireachta é do pháistí níos sine.
Arna fhoilsiú ag LeabhairCOMHAR.
IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC
16:15 AN FHEADÓG STÁIN (D)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 15-17 mbliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Seomra Cruinnithe 3, Leibhéal 3, ICC
16:30 AN GHAEILGE AGUS AN DLÍ
PRÍOMHCHAINTEOIR: Barra McGrory KC
FREAGRÓIR: Dr Niall Comer
Cláraigh – Saor in Aisce: https://ti.to/BarofIreland/cbnag-mbealfeirste
Arna eagrú ag Cumann Barra na Gaeilge
IONAD: Teach an Dlí-Chumainn, 96 Sráid Victoria, Béal Feirste, BT1 3GN
17:00 SEOLADH LEABHAIR
‘Lá San Iodáil i 1945’ le Maria Ní Mhurchú á sheoladh ag Robert Ó Brosnacháin
Dráma atá féinfhoilsithe i gceithre theanga éasgúil.
IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC
17:00 GEARRSCANNÁN, PLÉ & AMHRÁIN
Amhránaíocht ar an Sean-Nós agus na glúnta atá le teacht
‘Aisling fé Bhláth’, Clár faisnéise nua ag ceiliúradh 25 bliain de scéim amhránaíochta Aisling Gheal, Múscraí.
Beidh pléphainéal ina dhiaidh, ina mbeidh ionadaíocht ó cheantair Ghaeltachta éagsúla agus amhráin bheo ó amhránaithe óga na Gaeltachta.
Arna eagrú ag Ealaín na Gaeltachta
IONAD: Seomra Cruinnithe 1, Leibhéal 3, ICC
17:00 SPRAOI AG AN OIREACHTAS & DIOSCÓ GAELACH NA SAMHNA
Siamsán na dTeidithe le Suzanne & foireann TnaG (aoisghrúpa 0-5 bliana).
Ceol, spórt, spraoi agus diabhlaíocht ina dhiaidh ag an Dioscó le Aoife Mhichael Sonaí Ní Chonghaile (gach aoisghrúpa).
Caith culaith bhréige i gcomhair na Samhna!
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
IONAD: Halla 2A, Leibhéal 1, ICC
18:00 DREAS CAINTE
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
IONAD: Seomra Cruinnithe 2, Leibhéal 3, ICC
18:00 POP-UP GRÉASÁN
Tobsheisiún gréasánaíochta i gcomhluadar do chomhghleacaithe san Earnáil Phoiblí atá ag freastal ar an bhféile!
Óstach: Póilín Nic Géidigh
Arna eagrú ag Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí
IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC
18:00 SCÉAL OILEÁIN: Saothar Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta
Léacht leis an Ollamh Gearóid Denvir mar bhlaiseadh de chuid d’imeachtaí Fhéile na bhFlaitheartach 2025.
Arna eagrú ag Cumann Liam agus Thomáis Uí Fhlaitheartra
IONAD: Halla 2B, Leibhéal 1, ICC
18:30 SCÉALAÍOCHT: Comórtas Cáilithe
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
IONAD: An Stiúideo, Bunurlár, ICC
19:00 SEAN-NÓS NA bhFEAR
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
BEO ÓN OIREACHTAS ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus www.tg4.ie
IONAD: An Halla Mór, Bunurlár, ICC
19:30 – 21:00 CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
‘Blas’ ar BBC Gaeilge.
Arna chraoladh beo ar BBC Raidió Uladh, BBC Raidió Feabhail agus ar BBC Sounds.
IONAD: Óstán Europa
19:30 – 20:30 CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
‘7 LÁ’ arna chraoladh beo ar TG4
LÁITHREOIR: Máirín Ní Ghadhra
IONAD: Beár, Leibhéal 2, ICC
19:30 BANAT AL-QUDS / INÍONACHA IARÚSAILÉIN
Cór agus grúpa ceoil uirlise le mná óga as an bPalaistín atá san ensemble Banat al-Quds (Iníonacha Iarúsailéim san Arabais). Seo mná óga a d’fhreastail ar Conservatoire Náisiúnta Ceoil Edward Said in Iarúsailéim agus a rinne éachtaí sa cheol Arabach. Cuireann siad scéalta na Palaistíne i láthair ina gcuid ceoil. Cloisfear scéalta fá chrógacht, dóchas, dúthracht agus saoirse.
Arna eagrú ag Ealaíontóirí ar son na Palaistíne
IONAD: Halla Whitla, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, BT7 1NN
**Níl an ócáid seo clúdaithe in Ollthicéad na féile, is gá do thicéad a chur in áirithe ag https://www.universe.com/events/daughters-of-jerusalem-banat-al-quds-tickets-0L3S72
19:30 FLIX FEIRSTE
Tá Flix Feirste, Féile Scannánaíochta na Ceathrún Gaeltachta, á athlainseáil ag Forbairt Feirste le spleodar an mhórscáileáin a thabhairt chuig Oireachtas na Samhna 2025.
Cuirfear tús leis an bhféile le léiriú den scannán iomráiteach Kneecap.
IONAD: Barr an Tí, 12ú Urlár, Óstán Europa
20:00 DRÁMA: Faoi Dheireadh Thiar
le Joe Steve Ó Neachtain arna léiriú ag Lóchrann
Oíche Nollag in áras na seandaoine: tá a scéal féin ag gach duine: Taimín Chualáin, ag fanacht ar litir óna mhac san Astráil, nach bhfuil ag teacht; Coilmín an Bhreathnaigh, nach ndearna buille maitheasa ariamh ina shaol agus a d’ól gach a raibh aige; Sally, a bhfuil saol na bhfuíoll aici, cé gur ina cloigeannsa amháin atá sé; agus Meaig Loideáin, curtha isteach san ionad in ainneoin a tola. Agus ní taise don dream atá ag tabhairt aire dóibh é: Máirín, an mátrún, nár phós ariamh, ar chúis áirithe; agus Jackie, cailín óg atá ag tosaí amach sa saol ach a bhfuil bambairne déanta ag an saol di. Dráma cumhachtach lán de ghreann, gruaim agus paisean
IONAD: Amharclann Mhic Chionnaith, An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Béal Feirste
Níl an dráma seo clúdaithe in Ollthicéad na féile, is gá do thicéad a chur in áirithe ar líne.
21:00 CEOLCHOIRM LITEARTHA
Léifidh Breanndán Ó Beaglaoich sliochta as a leabhar Clann a Seanamhuintire agus casfaidh cuid de na hamhráin atá luaite sa leabhar.
IONAD: An Bálseomra, Bunurlár, Óstán Europa
22:00 CLUB NA FÉILE
Le fíor scoth an cheoil ó Na Railway Boys
IONAD: An Bálseomra, Bunurlár, Óstán Europa
22:30 CLUB AMHRÁNAÍOCHTA
‘Casadh an tSúgáin’ á chur i láthair ag Máirín Uí Chéide
IONAD: An Bálseomra, Leibhéal 1, Óstán Europa