Dé hAoine an 10 Deireadh Fómhair

Fréamhacha Teaghlaigh
Garraíodóireacht do thuismitheoirí agus páistí
4 pm go 5.30pm
Scoil Náisiúnta Dhumha Thuama
Níl aon chostas ar an ócáid, ach caithfear clárú roimh ré le siobhan@ tuismitheoiri.ie nó 085 8339491
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Ceolchoirm le The Jeremiahs
Banna Ceoil Tíre Spleodrach
7.30pm
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
£15

Tráth na gCeist
8 pm ag Cumann Chluain Árd
27-43 Sráid na Scéiche, Béal Feirste
Foirne suas le cúigear.
Mórdhuais £100
Saorchead isteach

Seisiún ceoil oscailte
8pm
Tigh Christy, an Srath Bán
Fáilte roimh gach béal, cluas, agus uirlis.

Tob-Ghaeltacht
9 pm
The Ballymac Bar, Trá Lí
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge Thrá Lí

Tráth na gCeist
9 pm ag The Fanad Lodge
Bígí linn don chraic agus spraoi!
Arna eagrú ag Gaeltacht Bheo Fhánada agus Comhar Fhánada Agus Ghleann Bhairr

Dé Sathairn an 11 Deireadh Fómhair

Comhrá Teaghlaigh in Uíbh Ráthach
Comhrá, cluichí, amhránaíocht, rannta, braon tae/caife
Gach Satharn 10 am go 11.30am
Breis eolais agus clárú: 085 2198742 nó marie@tuismitheoiri.ie
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Scéalta, Rannta agus Ceol Le Chéile
Le Julie Anne De Brún
11.30 am – 1pm
Teach Na Gaeilge, Maigh Cuilinn
Caithfear cláru roimh re le deirdre@tuismitheoiri.ie
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Féile an Fhómhair
Scannán Amhrán na Mara
Méan lae
Ionad Cultúrtha Réigiúnach
Saor in aisce
Tuilleadh eolais Bairbre 0860751663 nó Aisling 0860136579
Arna eagrú ag Líonra Leitir Ceanainn

Oíche cheoil chhun airgead a bhailiú don gCoiste Siúlóidí sa Leith Triuigh
Le Paddy O’Neill, Willie Driscoll, Gerard Driscoll agus Diarmaid Mulcahy
7.30pm
Halla le Chéile, Ballyguin, Brandon
Ticéid €15
Arna eagrú ag Comharchumann Forbartha An Leith Triuigh Teo.

Dé Domhnaigh an 12 Deireadh Fómhair

Maidin chaife do chúram ospíse
10 am go 1pm
Halla Bhaile Ghib
Bain fiúntas as do chupán
Fáilte roimh chách

Dé Luain an 13 Deireadh Fómhair

Ranganna aclaíochta le Darryl
Gach Luain 7pm go 8pm
Halla Bhaile Ghib
Costas €10

Dé Máirt an 14 Deireadh Fómhair

Gligíní Ghaoth Dobhair
Grúpa spraoi agus teacht le chéile do thuismitheoirí agus leanaí, ó 3 mhí d’aois go aois réamhscoile.
Gach Máírt ag 10.30am
sa Chrannóg i nGaoth Dobhair
Tuilleadh eolais eilin@tuismitheoiri.ie nó 085 8624322
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Banna Ceoil Chloich Chionnaola
Ranganna ceoil
Clárú do thosaitheoirí (Aois 7+)
6 go 7pm
Ionad Naomh Fionnan, An Fhál Charrach
Clárú €20
Atmaisféar spraíúil agus spreagúil
Deis an fheadóg, an bosca ceoil, na drumaí agus máirseáil a fhoghlaim.
Cóstas téarma 1 €40 nó €5 an ceacht
Fógrófar amanna agus dátaí na ranganna i ndiaidh oíche an clárúcháin.
Tuilleadh eolais ó Laura Barrett 0863517202 nó cloughaneelyband@gmail.com

Clubanna Óige Chloich Chionnaola
5 go 6.15pm club spóirt agus spraoí, naíonáin bheaga go rang 2
6.30 go 8pm páistí cois mara, ranganna 3-6
8.15 go 10pm club óige Críost Rí, déagóirí
Ag Ionad Mhachaire Rabhartaigh
Tuilleadh eolais ó Maria ag 0864554514
Club Óige Chumann na bhFiann agus Glór Cheatharlach
6.30 go 8pm
Gaelcholáiste Cheatharlach, R93HY89

Ranganna Gaeilge
7 go 8pm gach Máirt
€35 don tearma 7 seachtaine
20 Sráid na Páirce, Muineachán, H18AH63
Clarú ag https://forms.gle/F7M5zpBvbRyktTbm6
Eolas ó Courtney, eolas.mlg@cnag.ie
Arna eagrú ag Muineachán le Gaeilge

Ranganna Gaeilge
Cúrsa 8 seachtaíne do dhaoine fásta, bunrang, meánrang agus ardrang
7.30 go 9pm
Gach Máirt ón 14 Deireadh Fómhair go dtí an 9 Nollaig, seachas an 28 Deireadh Fómhair
Coláiste Pobail, Ráth Chairn
Costas €90
Clarú roimh an 13 Deireadh Fómhair ar www.rathchairn.com
Tuilleadh eolais ó cursaiccrc@gmail.com

Cúrsa comhrá
Gach Máirt ag 7pm
Sa Chomhchoiste
Cláraigh ag www.briur.ie, pleanteangaur@gmail.com nó 0872153671
Arna eagrú ag Brí Uibh Ráthaigh

Club Óige Cumann na bhFiann
Béal Átha Móir
7.30 go 9pm
Teach na nGasóg, N41P7R9

Club Leabhar
Saighdiúir le Cathal Ó Searcaigh
Leabharlann Nás na Ríogh
6.45pm go 7:45pm
Tuilleadh eolais ó kate@cilldaralegaeilge.ie
Arna eagrú ag Cill Dara le Gaeilge

Dé Céadaoin an 15 Deireadh Fómhair

Club Bricfeasta
10 am
Bistró Dariusz, an t-Ospidéal, Co. Luimnigh
V35X020
Tuilleadh eolais ó Mícheál ag 0833057876
Arna eagrú ag Comhluadar Luimnigh

Lón na Céadaoine
1pm
An Riverbank, Droichead Nua
Arna eagrú ag Glór an Churraigh

Club Spraoi
Club Duplo/Lego/cluichí cláir trí Gaeilge
2pm go 4pm
Ionad Pobail Ballycane
Nás na Ríogh, Co. Cill Dara, W91 K6CT
Saor in aisce
Tuilleadh eolais @cilldaralegaeilge www.cilldaralegaeilge.ie

Ranganna Gaeilge do thuistí
Gach Leibheal
7 go 8pm
Gaelscoil Naomh Pádraig, Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath, K78RK40
Tuilleadh eolais ó Chaitríona, 0863911960

Cróise agus caint
Leis an teagascóir, Mary Clifford
Gach Céadaoin 7 go 8pm
Halla Bhaile Ghib

Trathnóna caife trí Gaeilge
Bí ag cleachtadh do chuid Gaeilge i suíomh neamhfhormiúil
7.30 pm
Corkscrew Lounge, an Dúchoraidh
Tuilleadh eolais ar Facebook, Forbairt na Dúchoradh
Arna eagrú ag Cumann Forbartha na Dúchoradh

Ciorcal comhrá
7.30pm
Tigh Dhubháin, an t-Ospidéal, Co. Luimnigh
V35EC67
Tuilleadh eolais ó Mhícheál ag 0833057876
Arna eagrú ag Comhluadar Luimnigh


Éigse Dharach Uí Chatháin – i Ráth Chairn, Co. na Mí

Dé hAoine an 10 Deireadh Fómhair
7.30 pm Aifreann cuimhneacháin i séipéal Ráth Chairn
8.30 Oscailt oifigiúil na hÉigse le Nollaig Ní Laoire, seisiún ceoil le Comhaltas Tlachtga agus sólaistí san áras pobail

Dé Sathairn an 11 Deireadh Fómhair
Ceardlanna amhránaíochta ar an sean-nós le Nollaig Ní Laoire
3 go 3.45 pm daltaí bunscoile
4 go 4.45 pm daltaí meánscoile
9 pm comórtas shiamsóir na Mí 2025 do dhaoine fásta, 3 phíosa siamsaíochta le déanamh
10 pm oíche cheoil le hÉamonn Mac Donncha agus Michael Ó Súilleabháin


Féile na Carraige – Beal Feirste

Dé hAoine an 10 Deireadh Fómhair go Dé Sathairn an 18 Deireadh Fómhair 

Dé hAoine an 10 Deireadh Fómhair

Maidin chaife agus ióga le Gill ar son feasacht ar fhéinmharú
10 am
Anam, Caifé na Carraige 
Eolas ó oifig@glornamona.com

Seoladh na Féile
12.30 pm
Anam, Gael-Ionad Mhic Goill 

Sólaistí agus siamsaíocht chun tús beo bríomhar a chur leis an fhéile i mbliana.
Osclófar an tearmann aeráide nua ar shuíomh Ghlór na Móna, Tearmann Ériu, mar chuid den tseoladh.
Beidh aoichainteoirí ann leis an fhéile a sheoladh agus chun comóradh a dhéanamh ar éachtaí gníomhartha speisialta a tharla le linn na bliana seo.
Cuirfear lón ar fáil.
Eolais ó oifig@glornamona.com

Dé Sathairn an 11 Deireadh Fómhair

Lá teaghlaigh le Laochra Loch Lao, agus Cleamairí Bhéal Feirste agus Gráinne Holland
11 am go 1 pm
Is deis iontach a bheas anseo chun bualadh le tuismitheoirí eile atá ag tógáil a gclainne le Gaeilge agus is deis dheas í do na páistí bualadh le cairde nua. Beidh imeachtaí difriúla ag dul ar aghaidh ar an lá agus beidh neart spraoi agus cuideachta ann don teaghlach ar fad
Ag Gael-Ionad Mhic Ghoill, Glór na Móna
Eolais ag brid@laochra.com

Dé Domhnaigh an 12 Deireadh Fómhair

Siúlóid threoraithe trí Ghaeilge ar an tSliabh Dhubh
le Ciarán Mac Giolla Bhéin

11 am
Buail linn ag Divis Café
Ticéid ó https://www.eventbrite.com/e/siuloid-treoraithe-tri-ghaeilge-ar-shliabh-dubh-le-ciaran-mac-giolla-bhein-tickets-1761068215439
Eolas ó ciaran@fisanphobail.com

Dé Luain an 13 Deireadh Fómhair

Script Úr don tSláinte Mheabhrach
Tá na feachtais Script Úr don tSláinte Mheabhrach agus Tabhair 5 ag tabhairt ceardlann idirghníomhach, faoi stiúir gníomhaithe, go croílár an phobail.
Seo do sheans ceangal a dhéanamh, do chuid smaointe a roinnt, agus an bhealach a labhraímid agus a ghlacaimid gníomh ar shláinte mheabhrach inár bpobal féin a mhúnlú.
Ag Gael-Ionad Mhic Goill, Glór na Móna
Eola ag sara@pprproject.org

Ag cinntiú nach bhfágtar aon duine óg ar lár:
Seoladh Taighde Shólás na nÓg
Cumas a oscailt, folláine mhothúchánach a thógáil agus todhchaía thabhairt tri obair óige Gaeilge
7 pm
Gael-Ionad Mhic Goill, Glór na Móna
Eolais ag padraigin@glornamona.com

Dé Máirt an 14 Deireadh Fómhair

Bricfeasta saor agus Gaelach
8 am
Britton’s Parade
Eola ó tarlach@glornamona.com

Richard Medhurst agus Sean Murray i gcómhra
Scannán Lebanon: Neo Colonialism & Resistance
7 pm
Raidió Fáilte, Beal Feirste
Clarú ag https://www.eventbrite.com/e/1753060855209
Eolais ó tarlach@glornamona.com

Dé Céadaoin an 15 Deireadh Fómhair
Suí agus scíth, ag tógáil clainne le Gaeilge
Lá spraoi do na teaghlaigh. Is deis iontach é chun bualadh le tuismitheoirí eile atá ag tógáil a gclainne le Gaeilge agus is deis dheas í do na páistí bualadh le cairde nua.
10 go 11.30 am
Gael-Ionad Mhic Goill, Glór na Móna
Eolais ó sorcha@fisanphobail.com

Seoladh Leabhair leis an Dr Kerron Ó Luain
“Cath idir an pobal agus an murder machine”: Gluaiseacht na Gaelscolaíochta, 1973-2023
Tá an leabhar ag breathnú siar ar stair ghluaiseacht na Gaelscolaíochta agus na heagraíochta Gaeloideachas ó 1973 ar aghaidh.
1 pm
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
Eolais oifig@glornamona.com

Déardaoin an 16 Deireadh Fómhair

Seisiún eolais agus tacaíochta do thuismitheoirí
Cuirfear seisiún eolais agus tacaíochta ar fáil do thuismitheoirí maidir le córas clárúcháin d’ionad cúram leanaí, naíonra, naíscoil agus bunscoil.

10 go 11.30 am
Gael-Ionad Mhic Goill, Glór na Móna

Eolais ag sorcha@fisanphobail.com
Tá fáilte romhaibh agus roimh bhur bpáistí!

Lá na Palaistíne le Máithreach i gcoinne an Chinedhíothaithe
Ar scáth a chéile – feiminicheas, Idirnáisiúnachas & Dlúthpháirtíocht
Meán lae go 3pm
Gael-Ionad Mhic Goill, Glór na Móna
Ceardlanna agus pléphainéil ar dhomhan nua a thógáil le gníomhaithe spreagúla: Twasul Mohammed (Participation and Practice For Rights), Denise Adams (Mothers Against Genocide), Areej Fareh (Anaka Women’s Collective), Twasul Mohammed (Participation and Practice For Rights), Denise Adams (Mothers Against Genocide), Areej Fareh (Anaka Women’s Collective) agus go leor eile! Lá de chultúr agus de dhamhsa na Palaistíne le bia ón fheachtas ‘Kind Economy’ #TógAnCosc agus Anaka Women’s Collective.
Eolas ó iogalenuala@gmail.com

Dé hAoine an 17 Deireadh Fómhair

Feirm an Phobail
Bí linn i nGairdín an Phobail chun fómhar an phobail a cheiliúradh le chéile mar chuid d’Fhéile na Carraige. Reáchtálfaimid raon stainíní agus ceardlanna praiticiúla a thaispeánann cad is féidir linn a chruthú le chéile ar nós torthaí agus glasraí orgánacha sláintiúla, dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta, feachtais phobail, leigheasanna malartacha, gníomhaíochtaí do pháistí, ceol beo leis na ceoltóirí traidisiúnta is fearr ó Chonair an Cheoil Ghaelaigh, Féile na Carraige. Roinnfear na síntiuis go léir idir Gairdín an Phobail agus Thamra – eagraíocht atá ag streachailt in aghaidh an ghorta in Gaza trí tháirgeadh bia agus ceart talún a chur chun cinn.
11 am go 1pm
Gairdín an Phobail
Eolas ó seanmacbradaigh@disroot.org

Tráth na gceist le bunscoileanna Bhéal Feirste

Beidh tráth na gceist bliantúil na mbunscoileanna ar siúl i gColáiste Feirste arís le daltaí Gaelscoile fud fad na cathrach mar chuid den fhéile i mbliana!
Eolais ag tarlach@glornamona.com

Dé Sathairn an 18 Deireadh Fómhair

Comórtas frithchiníochais CLG
Ag tógáil ar an imeacht spreagúil An Comórtas Domhanda Sacair Frithchiníoch i rith an tsamhraidh chun dlúthpháirtíocht a léiriú leis na pobail nua, tá Laochra Loch Lao ag eagrú comórtas frithchiníochas CLG na féile. Bliots faoi aois a bheas ann agus eagraithe ag na cóitseálaithe sa chumann.
1 go 4 pm
Spórtlann na hÉireann 
Teagmháil le brid@laochra.com

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.