An tUachtarán Micheál D Ó hUigínn:
“Ba mhór an chúis bhróin dom féin agus do a lán eile cloisteáil faoi bhás Mhancháin Magan, scríbhneoir, craoltóir agus léiritheoir cláracha faisnéise nach raibh a shárú le fáil. Níl amhras ar bith orm ach gur duine ar leith a bhí i Manchán. Is deacair a shamhlú go bhféadfadh aon duine eile an méid céanna a bhaint amach ar bhealach chomh leathan agus chomh tarraingteach, le háilleacht, doimhneacht agus beocht na Gaeilge a thabhairt chuig oiread daoine in Éirinn agus níos faide i gcéin.
B’inspioráideach go cinnte an saol a chaith sé agus é ag cabhrú leis an iliomad daoine brí níos doimhne a aimsiú ina mbeatha féin.
Trína shaothar, spreag Manchán an oiread sin daoine ó gach glúin le dul i ngleic ar shlí níos doimhne lenár dteanga dhúchais, lena saibhreas cultúrtha, agus tríd sin, tuiscint agus meas a fháil ar ár dtírdhreach nádúrtha agus ár dtimpeallacht agus foghlaim uathu.”
Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4:
“Bhí saothar Mhancháin ag teacht go huile agus go hiomlán leis an mana atá ag TG4, Súil Eile. Thug sé léargas faoi leith ar shaol na Gaeilge, ar shaol na hÉireann agus ar na háiteanna eile a thaistil sé, agus bhí an-chumas aige sin a chur trasna don lucht féachana. Ba mhaith liom, thar ceann TG4, comhbhrón a dhéanamh lena bhean Aisling, le Cróine, a mháthair, le Ruán, a dheartháir agus leis an gcuid eile dá theaghlach.”
Kneecap (Liam Óg Ó hAnnaidh, Naoise Ó Cairealláin agus JJ Ó Dochartaigh):
“B’ambasadóir é Manchán dár nglúin féin agus duine a bhí lárnach san athbheochán a tharla ar na mallaibh sa chultúr agus sa Ghaeilge. Sheas sé i lár an aonaigh agus thiocfadh a rá nár chuir sé é féin ansin ach gur chuir an pobal ann é.
Ina bhealach séimh féin, chuir sé i gcuimhne dúinn fán ról atá ag an teanga maidir le tuiscint níos doimhne a fháil ar an cheantar thart orainn agus orainn féin.
Mairfidh a oidhreacht i meon fiosrach spreagúil na nGael agus iontu siúd a théann sa tóir ar shaol níos doimhne agus fíoraithe.
Suaimhneas síoraí ar a anam Gaelach.”