Tá deontas €2.1 milliúin le bronnadh ar chuibhreannas atá faoi stiúradh ag Fortis Medical, cliantchomhlacht d’Údarás na Gaeltachta, in éineacht le hOllscoil na Míochaine agus na nEolaíochtaí Sláinte RCSI agus Smart Electronics.
Faoi stiúradh Fortis Medical Devices, mac-chuideachta d’Ollscoil na Gaillimhe atá lonnaithe sa Spidéal, beidh deis ag an gcuibhreannas dul chun cinn mór a dhéanamh leis an deontas, a bronnadh tríd an gCiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha, nó an DTIF, ón Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta.
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Táimid thar a bheith bródúil as an éacht atá déanta ag Fortis Medical Devices, cliantchomhlacht de chuid an Údaráis. Is sampla iontach é seo den nuálaíocht agus fiontraíocht atá ag tarlú go laethúil sa Ghaeltacht. Léiríonn an deontas DTIF go bhfuil sé de acmhainn ag comhlachtaí Gaeltachta teicneolaíocht úrnua le tionchar domhanda a fhorbairt, fad as fostaíocht agus fás eacnamaíoch a chruthú ina gceantair.”
Dúirt Thomas Gutierrez, Príomhfheidhmeannach Fortis Medical Devices, “Teastaíonn uainn caighdeán na beatha a fheabhsú go mór do dhaoine atá stróc buailte orthu. Leis an gCiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha, is féidir linn borradh a chur faoi fhorbairt cueStim-Stroke agus réiteach a fháil d’othair agus cliniceoirí.”
Leis an deontas, déanfar forbairt ar theicneolaíocht athshlánaithe, cueStim-Stroke. Is gléas é cueStim-Stroke ar féidir le hothair a chaitheamh atá ag fulaingt de bharr cosaíocht neamhghnách tar éis dóibh stróc a bheith buailte orthu.