Fágadh buama píbe taobh amuigh d’Oifig Shinn Féin ar an Iúr 

Dúirt an Chéad-Aire gur ionsaí ar dhaonlathas a bhí i gceist leis an ionsaí

Jack Mac Íomhair

Thángthas ar bhuama píbe taobh amuigh d’oifig Shinn Féin in Iúr Cinn Trá. Tá an oifig roinnte ag an Aire Bonneagair Liz Kimmins agus feisire parlaiminte an cheantair, Dáire Hughes ar Shráid Mhuineacháin sa bhaile. 

Bhí oifigigh theicniúla pléascán ar an láthair. Rinne siad an fheiste phléascach sábháilte agus ghlac siad ar shiúl í le fiosrúchán breise a dhéanamh uirthi. 

Dúirt Leas-Uachtarán Shinn Féin agus an Chéad-Aire Michelle O’Neill go raibh an eachtra uafásach amach is amach ach nach gcuirfidh sé as di ná dá comhghleacaithe. 

Dúirt sí nach féidir de cur síos a dhéanamh air seo ach ionsaí ar an daonlathas agus go bhfuil daoine suaite mar gheall air.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.