
Faoi fhómhar na bliana 1911 bhí ríshliocht Qing sa tSín ar an dé deiridh. Bhí réabhlóid ar na bacáin in Wuchang, atá ar cheann de na trí chathair in Wuhan, áit a raibh grúpaí ar nós an Chumainn Fhorásaigh agus an Chumainn Litríochta i mbun comhcheilge chun ionsaí a dhéanamh ar mhonarcacht Manchu a bhí i gceannas ó na 1640í i leith. Intleachtóirí ab ea na gníomhaithe a bhí dubh dóite leis an díospóireacht agus ar theastaigh uathu éirí amach armtha a chur ar bun.
Tharla éirithe amach i gcoinne Qing roimhe seo, an uair dheireanach ag Dumha an Bhlátha Bhuí in Aibreán na bliana 1911, ach theip orthu. Bhuail na réabhlóidithe ag cruinniú i mí Mheán Fómhair agus socraíodh ar éirí amach a chur ar bun d’Fhéile Lár an Fhómhair, ach cuireadh moill air go dtí níos déanaí sa mhí. Lean na réabhlóidithe orthu ag tógáil buamaí i gceantar de Wuchang a bhí faoi smacht na Rúise, rud a thug cosaint áirithe dóibh ó údaráis Qing.
Ar oíche an 9 Deireadh Fómhair tharla tubaiste do na réabhlóidithe nuair a phléasc ceann de na buamaí trí thimpiste. Bhí póilíní an cheantair ar an láthair roimh i bhfad agus i dteannta damáiste na pléisce tháinig siad ar bholscaireacht, pleananna don éirí amach agus liostaí ballraíochta na réabhlóidithe. Cé go raibh an ceantar lasmuigh de dhlínse Qing, thug na póilíní an fhianaise do na hoifigigh Qing go sciobtha. An mhaidin dár gcionn rinne údaráis Qing ruathair ar thithe na réabhlóidithe, gabhadh na dosaenacha acu, agus cuireadh triúr acu chun báis.
Go híorónta, malairt de thoradh a bhí ar intinn oifigigh Qing a bhí ag déanamh cos ar bolg ar fad. Lasadh splanc an éirí amach.
Chabhraigh ceann d’iarrachtaí nuachóirithe Qing dúshraith don réabhlóid a leagan. Ó 1905 ar aghaidh bhí an ríshliocht ag neartú a fhórsaí armtha agus é mar aidhm acu arm nua-aimseartha agus gairmiúil le traenáil i modhanna eolaíochta agus teicneolaíochta an Iarthair. Mar a mhíníonn Ed McCord ina leabhar, The Power of the Gun, is í an aidhm a bhí ag an oideachas míleata gairmiúlacht na n-oifigeach a fheabhsú agus litearthacht na saighdiúirí a mhéadú. Den chéad uair, chreid mic na gclann uasaicmeach gur rud measúil a bhí i ngairm san arm.
Ach bhí toradh nach mbeifí ag súil leis ag na hathchóirithe seo. I scoileanna míleata sa tSín agus sa tSeapáin tumadh mic léinn i smaointeoireacht a cheistigh údarás Qing. Chreid go leor acu go raibh gá go dtitfeadh monarcacht Manchu chun go láidreofaí an tSín. Ó tharla gur buaileadh ríshliocht Qing in aghaidh na Seapáine in1894, Comhghuaillíocht na nOcht Náisiún in 1900 agus easpa cosanta a tugadh sa Chogadh Rúis-Seapánach in 1905, bhí bunús láidir ag an tuairim sin. Faoin mbliain 1911, agus cé gur cruthaíodh é chun an ríshliocht a chosaint, bhí an tArm Nua réidh le héirí amach.
Nuair a rinne oifigigh Qing na hamhrasáin a ghabháil i ndiaidh na pléisce ar an 9 Deireadh Fómhair thuig na saighdiúirí réabhlóideacha go raibh siad i mbaol. Chreid na saighdiúirí go ngabhfaí iad agus go gcuirfí chun báis go leor acu agus b’éigean dóibh gníomhú ar an bpointe boise.
Ar oíche an 10 Deireadh Fómhair chuaigh saighdiúirí an Airm Nua i mbun ceannairce. Chuir réabhlóidithe éadaí bána ar a gcuid airm chun go n-aithneofaí iad agus ghlacadar smacht ar láithreacha tábhachtacha míleata rialtais agus armlanna. Theith an seanascal agus na ceannasaithe ba shinsearaí. Faoin mhaidin dár gcionn bhí Wuchang faoi smacht na reibiliúnach. Laistigh de roinnt laethanta bhí réigiún iomlán Wuhan faoina smacht.
Éifeacht na ndúradán a bhí ag Éirí Amach Wuchang i gcomhthéacs níos leithne na Síne. D’fhógair cúige i ndiaidh cúige saoirse ó Qing tar éis an éirí amach. Bhí tús le Réabhlóid Xinhai, a ainmníodh i ndiaidh na bliana 1911 ar an bhféilire Síneach.
Mar a tharla sé, ní raibh an té is mó a samhlaíodh leis an réabhlóid, Sun Yat-sen, fiú sa tSín ag an am. Le blianta fada, bhí Sun chun cinn i ngluaiseachtaí i gcoinne Qing, bhí lámh aige i mbunú gluaiseachtaí réabhlóideacha, agus in iarrachtaí ar éirithe amach, iarrachtaí ar theip orthu. I mí Dheireadh Fómhair 1911, bhí Sun in Denver, Colorado, agus é i mbun maoiniú a fháil i measc an phobail Shínigh i Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhí tar éis fulaingt de bharr an chiníochais sa tír sin le fada.
Agus é ina shuí in Óstán an Pháláis Dhoinn léigh Sun faoi Éirí Amach Wuchang sa nuachtán. Thuig sé go raibh tús curtha leis an éirí amach a raibh sé ag obair ar a shon le fada agus chuaigh sé i mbun a thurais chun filleadh ar an tSín a phleanáil. Ar an mbealach abhaile dó thug sé cuairt ar ardchathracha na hEorpa chun gealltanais a fháil ó na mórchumhachtaí go bhfanfaidís neodrach faoin éirí amach. Agus na gealltanais faighte aige d’fhill sé ar an tSín i dtreo dheireadh mhí na Nollag.
Tháinig Sun i láthair in Guangzhou ar an 25 Nollaig 1911 agus seachtain ina dhiaidh sin toghadh é mar uachtarán sealadach Phoblacht na Síne. D’éirigh an t-impire deireanach Qing, Puyi, as an gcoróin go foirmiúil i Márta na bliana 1912, rud a chuir deireadh le níos mó ná 250 bliain de riail Manchu agus 2,000 bliain de mhonarcacht impiriúlach.
Cé gur cor cinniúnach a bhí i réabhlóid 1911, níor dheireadh an scéil é. Sna blianta ina dhiaidh sin bhí deacrachtaí ag an bpoblacht nua le taoisigh chogaidh áitiúla, bagairtí ó thíortha eachtrannacha, agus an scoilteadh polaitiúil.
Ach léiríonn bunús na réabhlóide a dheacair is atá sé cúrsaí a thuar. Theip ar shraith iarrachtaí deireadh a chur leis an Qing, in 1903, 1907 agus 1910. Ach de bharr na pléisce a tharla an oíche chinniúnach sin, thit sraith imeachtaí amach a d’athraigh stair na Síne. Léiríonn Éirí Amach Wuchang nach dtarlaíonn réabhlóidí de bharr na pleanála foirfe i gcónaí, ach is féidir leo tarlú de bharr eachtraí fánacha agus an mhisnigh. Tháinig na blianta den fhrustrachas, eagrúchán agus idé-eolaíocht le chéile in am an ghátair. Athraíodh an tSín go buan, ó impireacht go poblacht, agus bheadh lorg na réabhlóide le brath ar feadh na mblianta.
Beidh Kerron ag seoladh a leabhar nua “Cath idir an pobal agus an murder machine”: Gluaiseacht na Gaelscolaíochta, 1973-2023 mar chuid d’Fhéile na Carraige i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste ag a 1 pm Dé Céadaoin an 15 Deireadh Fómhair.