Tá próiseas síochána tosaithe in Gaza agus is maith sin. Aon rud gur féidir stop a chur leis an marú is é is fearr é. Feicim go bhfuil Rialtas na hÉireann chun €6 mhilliún de chúnamh daonnachta a chur ar fáil do Gaza agus go bhfuil an rialtas sásta coimeádaithe síochána a sheachadadh go Gaza má tá fórsa idirnáisiúnta le bheith ann. Chuir sé gliondar ar mo chroí na páistí in Gaza a fheiceáil ag ceiliúradh an tsosa cogaidh. Ach bhí sos cogaidh ann cúpla uair roimhe seo agus thit sé as a chéile. Tá Trump á bhrú agus tá tacaíocht ó go leor tíortha timpeall an domhain don phróiseas síochána seo, rud atá go maith le brú a chur chun an tsíocháin seo a bhaint amach.  

Is gá mandáid ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a fháil anois chun fórsa idirnáisiúnta a chur isteach ann. Chonaic mé go raibh Antonio Guterres, Rúnaí Ginearálta na Náisiún Aontaithe ag an molchruinniú in Sharm El Sheikh ar chuireadh ó Trump, comhartha maith gur féidir an mhandáid sin a fháil. 

Is maith go bhfuil na cimí tagtha abhaile ón dá taobh, ach tá fós 8,000 cime Palaistíneach i bpríosúin in Iosrael. Níor thug Rialtas Gaza na coirp ar fad ar ais ach tá an Chros Dhearg ag rá go bhfuil sé deacair iad a aimsiú faoin mbrablach uile in Gaza. Dá bharr seo tá Rialtas Iosrael ag teorannú an oiread trucailí gur féidir dul isteach in Gaza, ag tabhairt pionós comhchoiteann ar mhuintir Gaza.  

Tá tuairiscí ann freisin go bhfuil fórsaí Iosrael ag scaoileadh le muintir Gaza chomh maith, ag sárú an tsosa cogaidh seo. Tá na meáin ag rá go bhfuil Hamas ag glacadh seilbh ar an bhfolús cumhachta in Gaza. Níl sé sin cruinn. Tá Hamas mar Rialtas na Palaistíne ó 2006 agus beidh go dtí go mbeidh athrú cumhachta ann.  

Ar an taobh eile tá Hamas tar éis go leor daoine a mharú de bharr a gcomhoibrithe le fórsaí Iosrael.  Cé gur gá do na daoine sin freagracht a ghlacadh as gcomhoibriú sa chinedhíothú, ba chóir iad a cur ar triall agus a chur i bpríosún, ní a mharú. Is é croílár na ceiste seo an ligtear do mhuintir na Palaistíne a fhéinchinneadh a bheith acu. 

Is gá don phobal idirnáisiúnta anois ligean do mhuintir na Palaistíne a rialtas féin a roghnú agus gan coinníollacha a leagan síos ar mhuintir na Palaistíne, ar nós gan cead a bheith Hamas a bheith sa rialtas nó rialtas idirnáisiúnta teicnealathaithe a chur ar bhun, a bheadh mar rialtas coilíneach ar mhuintir na Palaistíne. Is gá d’Iosrael, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach anois cúiteamh a íoc as Gaza a scriosadh chun cuidiú Gaza a atógáil. Beidh le feiceáil an éireoidh leis an bpróiseas síochána. Tá súil agam go n-éireoidh.

Caoimhín Ó Cadhla

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.