Bhí an Páirtí Aontachtach Daonlathach (PAD) ag lorg athbhreithniú ar pholasaí de chuid Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste
I ndiaidh gur aontaigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste polasaí dátheangach an tseachtain seo caite, tá an Páirtí Da fós ag iarraidh ionsaí a dhéanamh ar an teanga.
Chuir an Páirtí Aontachtach Daonlathach rún os comhair an Thionól Thuaisceart Éireann an tseachtain seo ag impí ar an chomhairle sa chathair athbhreithniú a dhéanamh ar a bpolasaí maidir le comharthaíocht dhátheangach.
Comhaltaí den Tionól Reachtach (CTR) de chuid an PAD i dtuaisceart na cathrach, Philip Brett agus Brian Kingston, chomh maith le CTR eile de chuid an PAD d’oirthear na cathrach David Brooks, a mhol an rúnb. Dúirt siad go bhfuil polasaí na comhairle neamhdhaonlathach agus leatromach.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!