Círéibeacha frith-theifeach in iarthar Bhaile Átha Cliath

Cathal Ó Murchú

Tar éis gur tuairiscíodh go ndearna iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta ionsaí gnéis nó éigniú ar chailín deich mbliana d’aois ag ionad Seirbhísí Cóiríochta Cosanta Idirnáisiúnta in aice le Teach Sagard in iarthar Bhaile Átha Cliath, bhailigh slua feargach de thimpeall cúpla míle duine chun agóid a dhéanamh i gcoinne teifigh i gcoitinne taobh amuigh den ionad oíche Dé Máirt seo caite.

Bhris círéib mhór amach i gcoinne na nGardaí a luaithe is a mhéadaigh an slua ag béicíl “Get them out” i mBéarla. Meastar go raibh breis agus dhá mhíle sa slua. Sheas na Gardaí idir an slua agus an t-ionad cóiríochta agus iarrachtaí á ndéanamh ag cuid mhaith den slua briseadh tríd chuig an ionad féin, iad ag caitheadh cloch, bricí briste, buidéal agus tinte ealaíne ar na Gardaí. Chuir lucht na círéibe veain na nGardaí agus stad Luas trí thine. Ghabh na Gardaí seisear le linn an neamhoird agus tugadh cúigear acu os cómhair na cúirte an lá dar gcionn.

Oíche Dé Céadaoin bhí breis agóidí ar siúl le slua beagán níos lú, leis na céadta seachas na mílte, ná mar a bhí ann an oíche roimhe. Bhí foréigean ann chomh maith, ach ar leibhéal laghdaithe.  Cuireadh seirbhísí bus agus Luas i gceantar Theach Sagard ar ceal le cuid mhaith de na bóithre áitiúla dúnta.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.