Caoimhín Ó Danachair, béaloideasóir agus bailitheoir, 1913-2002

Aoife Granville

Seosamh Ó Dálaigh agus Caoimhín Ó Danachair i nDún Chaoin, Co. Chiarraí
Grianghraf: An Chartlann Grianghraf, Cnuasach Bhéaloideas Éireann, M001.18.00149, Caoimhín Ó Danachair, 1946.

Duine de na béaloideasóirí is tábhachtachtaí inár dtraidisiún ab ea Caoimhín Ó Danachair, a bhfuil a shaothar fós ríthábhachtach do thaighdeoirí agus scoláirí inniu. 

Rugadh Ó Danachair in Áth an tSléibhe i gContae Luimní in 1913 agus is thart ar an gceantar sin a thosaigh sé ag bailiú seanchais agus béaloidis níos déanaí sna 1930í ar son Institiúd Bhéaloideas Éireann. Fad is a bhí sé ag déanamh staidéar ar an tseandálaíocht i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, tugadh deis do Chaoimhín cabhrú leis an eithneolaí ón tSualainn, Åke Campbell, nuair a bhí sé ar chuairt taighde i nGaillimh agus i Maigh Eo. Chuaigh Campbell agus an turas sin go mór i bhfeidhm ar Chaoimhín, go háirithe an cur chuige a bhíodh ag Campbell agus an tsuim ar leith a bhí aige san ailtireacht dhúchasach. Chuaigh Ó Danachair ar aghaidh chun tráchtas a scríobh san ábhar céanna agus chaith le seal ag staidéar san Eoraip leis, i mBeirlín agus Leipzig, sular ceapadh é ina shaineolaí ar an gCultúr Ábhartha le Coimisiún Béaloideasa Éireann in 1940. 

Glaodh isteach san Airm é le linn na blianta cogaidh sna 1940í ach lean sé lena chuid taighde ina ainneoin sin, ag críochnú MA san Ailtireacht Dhúchasach agus chuaigh sé thar n-ais chun oibre leis an gCoimisiún in 1946. Ón tráth sin ar aghaidh go dtí go ndeachaigh sé ar scor, chaith Ó Danachair a chuid ama ag taisteal mórthimpeall na tíre seo ag bailiú ó dhaoine, go háirithe sna ceantair Ghaeltachta ó dheas agus i nGaillimh agus d’fhoilsigh sé mórán leabhar agus alt le linn a shaoil acadúil. 

In 1948 thug Ó Danachair cuairt ar Oileán Mhanann, áit ar thaifead sé na cainteoirí dúchais Mhanainnise deireanacha don Choimisiún Béaloideasa. Is as geallúint a thug Éamonn de Valera nuair bhí sé ar cuairt san Oileán an bhliain roimhe sin a d’fhorbair an tionscadal seo agus chuir Ó Danachair síos air in agallamh atá le fáil ar shuíomh Mhúsaem Oileán Mhanann. Labhair sé mar gheall ar an tábhacht a bhain leis na taifid chomh maith leis na daoine áitiúla a chabhraigh leis ann. 

Bhí bua na teicneolaíochta ag Caoimhín Ó Danachair chomh maith agus bhí sé an-tógtha leis an ngriangrafadóireacht. Is léir gur thuig sé an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an ngriangrafadóireacht ar an scoláireacht agus an tábhachtacht a bheadh ann do na glúine a bhí le teacht. Ba léir leis gur thuig sé go raibh an saol in Éirinn ag athrú agus bhí sé tabhachtach dó é a thaifeadadh chomh cruinn agus is féidir. Le linn a shaoil mar bhailitheoir, thóg sé os cionn 20,000 pictiúr, cuid mhaith díobh le feiscint anois ar www.duchas.ie. Tugann siad an-eolas dúinn ar na tithe traidisiúnta, an ailtireacht dhúchasach chomh maith leis na daoine iad féin agus an saghas saoil a bhí ann. 

Theastaigh ó Chaoimhín Ó Danachair go mbeadh na tréithe feiceálacha sa traidisiún caomhnaithe go maith aige, go mbeadh léaráidí agus pictiúir ar coimeád i dteannta an bhailiúcháin scríofa agus go gcuirfí le hábhair mhúinteoireachta sa Bhéaloideas. Bhain sé seo ar fad amach, agus mar bhéaloideasóirí agus teagascóirí táimid fíorbhuíoch de. 

Nuair a chuaigh an Coimisiún Béaloideasa isteach i Roinn an Bhéaloideas, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, in 1971, thosaigh Caoimhín a shaol mar léachtóir agus lean sé air go dtí 1985 nuair a chuaigh sé ar scor. Bíonn leabhair agus ailt le Caoimhín Ó Danachair ar gach liosta léitheoireachta a bhaineann le béaloideas agus traidisiúin na tíre seo agus níl aon dabht ach go mbeidh go ceann i bhfad. 

Tá Aoife Granville ina léachtóir le Béaloideas i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.