

Is é scéal mór thoghchán na huachtaránachta an bua as cuimse a fuair an chlé aontaithe le Catherine Connolly, umhlú na sean-pháirtithe móra, Fianna Fáil agus Fine Gael, agus féidearthacht fhírinneach a dhéanamh de rialtas den eite chlé sa todhchaí.
Ach taobh thiar den bhua seo tá smál amháin. Is é sin os cionn 200,000 duine a tháinig amach chun a vótaí a mhilleadh. Ní de thimpiste nó d’aineolas, ach d’aon ghnó.
Eagraíodh é seo, agus gan dabht tá éacht déanta ag an lucht eagraithe, idir Aontú, an páirtí a dhein iarracht ainmniúchán don toghchán a fháil do Maria Steen ón Iona Institute, lena mbaineann David Quinn agus Declan Ganley.
Ní eagraíocht amháin a bhí i gceist ámh san iarracht sin, agus tá roinnt leaganacha den eite dheas i bhfad amach le tabhairt faoi deara anseo.