Aoife Granville

Ní hiad na ceantair thuaithe amháin ina mbíonn traidisiúin agus béaloideas beo, cé gur seans go bhfuil an mhíthuiscint sin ann go ginearálta. Tá an béaloideas i gnach ceantar, cathair agus baile. I gCorcaigh táthar ag bailiú eolas ar seo le fada an lá. Tá Tionscnamh Bhéaloideas Chorcaí ag tabhairt aird ar thraidisiúin agus glórtha Chorcaí trí thaifeadtaí, taispeántais agus foilsiúcháin ó 1996 agus iad ag cur leis an ábhar i gcónaí. 

Bunaíodh Tionscnamh Bhéaloideas Chorcaí in 1996 agus bhí an béaloideasóir iomráiteach, an tOllamh Gearóid Ó Crualaoích, á bhrú chun cinn go mór ag an am sin. Le tacaíocht ó Roinn an Bhéaloidis, Ollscoil Chorcaí, agus Ionad Gnó Thuaisceart na Cathrach, bhí an tionscnamh ar dtús dírithe ar an taobh ó thuaidh de chathair Chorcaí. Thosnaíodar ag bailiú agus ag taifead daoine le linn na tréimhse sin agus tá an bailiú fós ar siúl. Ní haon ionadh gur ar an taobh ó thuaidh den chathair a bhí an ionspioráid ar dtús, áit go bhfuil traidisiúin ar leith ag daoine, gairmeacha traidisiúnta fós le feiscint (táilliúirí, caibléirí agus mar sin de) agus scéalta iontacha ag seandaoine go háirithe. D’fhorbair an tionscnamh amach don chathair ar fad roinnt mhaith blianta ina dhiaidh sin. 

Le blianta beaga anuas tá tograí agus taispeántais fíorshuimúil curtha i gcrích ag an eagraíocht faoi stiúir an Dr Clíona O’Carroll atá ina Stiúrthóir Taighde leis an tionscnamh agus Jamie Furey, cartlannaí digiteach, ina measc Catching Stories agus Circular Tales. Le linn na paindéime, thosnaigh an bheirt ar bhailiúcháin de scéalta a bhaineann le galair thógálacha, scéalta a thug an fráma don togra Catching Stories. Bailíodh scéalta a bhain le póilió, eitinn, an bhruitíneach agus plucamas agus an tionchar a bhí ag na galair sin ar shaol na ndaoine a mhair le linn na bpaindéimí áirithe sin. Le togra na Scéalta Ciorcalacha agus ag díriú ar an ngéilleagar ciorclach i gCorcaigh atáid agus aird tarraingthe go háirithe ar conas a mhair daoine sna 1940í agus 1950í agus gan mórán ag mórán daoine. Bailíodh eolas agus scéalta maidir le hathúsáid, athchúrsáil agus fadsaol chomh maith le ceardanna traidisiúnta ar nós gaibhneoireacht stáin. Tá ceangal láidir ag an tionscnamh leis an lucht siúil i gCorcaigh agus sa togra seo tá ardán tugtha do na mná go háirithe agus traidisiúin na beady pockets agus bláthanna síprise. 

Ceann de na buanna is tábhachtaí atá ag an eagraíocht, measaim, ná go ndíritear ar shlite éagsúla chun an t-eolas a bhailíonn siad a scaipeadh go héifeachtúil le pobal chathair Chorcaí. Trí thaispeántais, ócáidí poiblí, coirmeacha ceoil, cláracha raidió, teacht le chéile poiblí chun éisteacht le taifeadaí, timeachtaí go mbíonn tionchar acu ar na ndaoine agus a chuireann ag machnamh iad a bhraithim. Is minic go dtagann cuimhní thar n-ais go daoine le linn na n-imeachtaí seo gan dabht. 

Le bliain anuas, tá togra nua tosnaithe ag an bhfoireann ag díriú isteach ar chainteoirí Gaoluinne. Tá Glórtha Ghaeil Chorcaí dírithe ar chainteoirí Gaoluinne a bhí agus atá ag maireachtaint ar an gcathair. Tá stair shaibhir theangan agus chultúir cois Laoi agus níl aon dabht faoi ach go mbeidh cnuasach deas á chur le chéile ag an tionscnamh a chabhróidh scéalta maidir le hÁras na Díge, na Langfords, Pádraig Tyers agus móran eile a choimeád beo go ceann i bhfad. 

Cé gur ag tosnú atá an Glórtha Ghaeil Chorcaí de chuid an tionscnaimh, níl aon dabht ach go mbeidh na glórtha binne sin le clos ar an suíomh agus le linn taispeántas amach as seo.


Tá Aoife Granville ina léachtóir le Béaloideas i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.