Breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar na hardrithe a bhí i bhfeighil ar an tír ar feadh na mílte bliain

Deir staraithe áirithe nach raibh aon rud ar nós náisiún na hÉireann ann go dtí ionradh na Normannach. Níl sé sin fíor dar ndóigh, mar bhí coincheap an náisiúin ann ar feadh na mílte bliain, agus bhí ríthe áirithe i bhfeighil ar an náisiún sin, ardríthe na hÉireann. Ní hé sin le rá go raibh smacht acu ar an tír ar fad. Samhlaigh an Afganastáin roimh 2001 ina raibh rialtas náisiúnta ann i gCabúl ach sa chuid eile den tír bhí ceannairí eile i bhfeighil. Tá meascán idir stair agus béaloideas ag baint le hardríthe na hÉireann. De réir Dháithí Uí Ógáin is teideal onórach a bhí ann a d’fhéadfadh aon rialóir cumhachtach a úsáid. Tháinig an coincheap polaitiúil chun tosaigh san ochtú haois nuair a bhí ríthe Uí Néill in ann ardtiarnas éigin a bhaint amach sa chuid is mó. Bhí ordlathas i gceist, ón rí tuaithe (a bhí i gceannas ar ríocht bheag amháin), tríd an ruirí (a bhí os cionn roinnt ríochtaí beaga) go rí ruireach (rí a bhí os cionn cúige).
Is i dTeamhair na Rí nó Cnoc Teamhrach sa Mhí a bhíodh an t-ardrí lonnaithe go traidisiúnta.
Thosaigh na staraithe meánaoiseacha ag rá go raibh ardríthe ann sa chianaimsir, is é sin le rá go raibh Ard Rí na hÉireann i bhfeighil ar an tír ó thús ré na staire, nuair a bhí stát feidearálach de shaghas éigin ann ina a raibh na ríthe cúige dílis don ardrí.
Mar sin féin bhí ríthe miotaseolaíochta ann chomh maith, mar shampla Cormac mac Airt agus Conaire Mór luaite mar ardríthe, cé gur féidir nach raibh siad ann go stairiúil. Bhí cáil ar Chormac mac Airt as ucht na mbreithiúnas a thug sé agus na foirgnimh a thóg sé i dTeamhair na Rí.
Bhí ardríthe cáiliúla eile ann, mar shampla Niall Naoighiallach, a ndeirtear faoi gur thóg sé Naomh Pádraig mar sclábhaí go hÉirinn. Bhí Laoghaire ina ardrí nuair a bhí Naomh Pádraig ag iarraidh an Chríostaíocht a thabhairt go hÉirinn.
Deirtear sa bhéaloideas gurbh é Sláine mac Deala an chéad ardrí. Ba de shliocht na bhFear Bolg é. Ba é Breas an chéad ardrí de shliocht Thuatha Dé Danann. I dtaobh Chlann Mhíle de, deirtear gurb é Éibhear Fionn agus Éireamhón na chéad ardríthe den dream sin. Is é Maol Seachlainn mac Mhaol Ruanaidh, ardrí ó 846 go 862, an chéad ardrí a bhfuil tagairt stairiúil ann dó.
Ba é t-ardrí a bhain amach an ceannas ba leitheadaí ar an tír ná Brian Bóramha, a rialaigh an tír ó 1002 go 1014.
Coinníodh teideal an ardrí a fhad le hionradh na Normannach sa dó haois déag. Go deimhin, nuair a síníodh Conradh Windsor ba é Ard-Rí na hÉireann Ruairí Ó Conchúir a shínigh é le Rí Shasana Anraí II.
Deirtear gurbh é Ruairí Ó Conchúir an tardrí deireanach, ach in 1315 insealbhaíodh ardrí nua ar Éirinn, Éadbhard Brús. Is iad na hUí Néill a mhol é, ag léiriú an naisc thraidisiúnta a bhí ag an gclann sin leis an ardríocht. Tharla sé seo de bharr go raibh Roibeard Brús ag troid ina aghaidh na Sasanach in Albain agus bheartaigh sé go dtroidfeadh sé leis na Sasanaigh sna tíortha Ceilteacha eile, Éire agus an Bhreatain Bheag, chun saoirse na dtíortha sin a bhaint amach.
Go dtí an lá atá inniu ann aithnítear clanna áirithe mar shliocht na n-ardríthe, leithéid mhuintir Uí Néill agus Uí Chonchúir. Bunaíodh eagraíocht dar teideal Buanchomhairle Thaoisigh Éireann in 1991 chun daoine a éilíonn a bheith ina sliocht ar chlanna uaisle na hÉireann mar iad seo a thabhairt le chéile. Ós poblacht é stát na hÉireann, tá cosc faoin mbunreacht ar theidil uaisleachta a aithint. Cibé ar bith, ní de cheart céad-ghinteachta, mar atá amhlaidh le teaghlaigh ríoga i dtíortha eile sa lá atá inniu ann, a dhéantaí taoisigh agus ríthe in Éirinn a thoghadh annalód, ach de réir féineachais, nuair a thoghtaí comharba ón dearbhfhine, grúpa teaghlaigh ceithre ghlúin.
Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath