Aontú idir Rialtas na Palaistíne agus Iosrael ar an gcéad chuid den phlean síochána

Caoimhín Ó Cadhla

Donald Trump agus Benjamin Netanyahu ag tús an phróisis síochána.
Grianghraf: An Teach Bán

Tá Hamas agus Likud tar éis a aontú go gcuirfidh siad i bhfeidhm an chéad chuid den phlean síochána. Tar éis dhá bhliain agus suas le 680,000 Palaistíneach maraithe, tá an chuma air go bhfuil deireadh ag teacht leis an gcinedhíothú.  

Dúirt Trump, ‘Tá an-bhród orm a fhógairt go bhfuil Iosrael agus Hamas araon tar éis an chéad chéim dár bplean síochána a shíniú. Ciallaíonn sé seo go scaoilfear na gialla go léir saor go han-luath, agus go dtarraingeoidh Iosrael a gcuid trúpaí siar go líne a comhaontaíodh mar na chéad chéimeanna i dtreo síocháin láidir, mharthanach agus bhuan.’

Nuair a chuala muintir na Palaistíne agus Iosrael faoin nuacht seo bhí siad ag ceiliúradh.  Dúirt áitritheoir amháin in Khan Younis, ‘Buíochas le Dia as an sos cogaidh, deireadh leis an fhuildhoirteadh agus leis an marú. Ní mise an t-aon duine amháin atá sásta, tá Stráice Gaza ar fad sásta, tá muintir na nArabach ar fad, tá an domhan ar fad sásta leis an sos cogaidh agus deireadh leis an bhfuildhoirteadh.’

Beidh sos cogaidh i bhfeidhm faoi cheann 24 uair a chloig agus tabharfaidh Rialtas na Palaistíne a 20 príosúnach cogaidh agus gialla ar láimh laistigh de thrí lá. 

Tabharfaidh siad na 48 corp de na príosúnaigh chogaidh agus gialla a fuair bás i rith an chogaidh ar láimh taobh laistigh de 10 lá. Tá Rialtas Iosrael le 1,950 príosúnach cogaidh agus gialla a scaoileadh saor chomh maith. Tá thart ar 10,000 príosúnach chogaidh agus giall Palaistíneach i bpríosúin Iosrael faoi láthair. Tá liosta na bpríosúnach cogaidh agus na ngiall tugtha ag Rialtas na Palaistíne do Rialtas Iosrael.  

Dúirt Hamas, ‘Dearbhaímid nach mbeidh íobairtí ár muintire in aisce, agus go bhfanfaimid dílis dár ngealltanas, gan cearta náisiúnta ár muintire a thréigean choíche go dtí go mbainfear saoirse, neamhspleáchas agus féinchinntiúchán amach.’

Thug arm Iosrael rabhadh d’áitritheoirí Gaza gur limistéir choimhlinte dhainséaracha atá ann go fóill go dtí go gcuirtear an sos cogaidh i bhfeidhm.  

Ghlaoigh Rúnaí Ginearálta na Náisiún Aontaithe Antonio Guterres ar gach taobh an comhaontú a chomhlíonadh. Dúirt sé, ‘Ní mór a chinntiú go dtiocfaidh soláthairtí daonnúla agus ábhair riachtanacha tráchtála isteach in Gaza láithreach agus gan bhac. Ní mór deireadh a chur leis an bhfulaingt.’

Níl aon phlé ag Hamas ná ag Bhriogáidí Al Qassam faoina nairm a thabhairt ar láimh. Tá grúpaí armtha eile sa Phalaistín lena n-áirítear an Fronta Pobail um Shaoirse na Palaistíne agus Jiohád Ioslamach ann ach níl aon scéal faoina seasamh go fóill.

Mar gheall ar an nuacht seo tá praghas ola tar éis titim de bharr go mbeidh an chuma air go mbeidh trácht tráchtála ceadaithe tríd an gcaolas Bab al-Mandab. Tá Rialtas Éimin tar éis bac a chur ar bháid ó Iosrael agus go dtí cúpla mí ó shin báid Stáit Aontaithe Meiriceá mar thacaíocht don fhrithbheartaíocht in aghaidh Iosrael.

Ní fios cé a bheidh i bhfeighil ar Gaza amach anseo. Tá Iosrael agus Rialtais an iarthair ag iarraidh nach mbeidh Hamas mar chuid den rialtas in Gaza. Níl aon chaint ann faoi thoghcháin a reáchtáil sa Phalaistín agus ligean do mhuintir na Palaistíne a rogha páirtí a vótáil isteach, cé go bhfuil sé sa phlean go mbeidh aitheantas ann do stát na Palaistíne. Níl Netanyahu ag iarraidh stát Palaistíneach.

Cé go bhfuil an chéad chéim den phlean aontaithe, tá céimeanna eile le teacht sa phlean seo agus ní fios an féidir comhaontú a fháil ar na céimeanna sin. Ach ag an bpointe seo creideann gach taobh go bhfuil deireadh buan leis an gcogadh seo.

Cad a chiallaíonn sé sin do Netanyahu, a bhí ag seachaint cás cúirte ina aghaidh de bharr caimiléireachta agus a bhfuil barántas gabhála eisithe ag an gCúirt Idirnáisiúnta Coiriúil do choireanna cogaidh.

An bhfuil Hamas chun luí síos agus a iarraidh ar Bhriogáidí Al-Qassam a n-airm a ghéilleadh? An bhfuil siad chun dul go tíortha eile agus ligean do pháirtí eile nó fiú rialtas teicnealathach Gaza a reáchtáil a d’fhéadfadh Tony Blair agus an tIarthar a bheith bainteach leis?

Ní hamháin go bhfuil Iosrael agus an Phalaistín ag ceiliúradh, ach beidh cuid mhaith den domhan ag ceiliúradh le léirsithe i nach mór gach tír ar domhan ag éileamh deireadh leis an gcinedhíothú seo le dhá bhliain anuas. Cuid den bhrú a bhí Trump á chur ar Netanyahu ba ea gur léirigh sé an tacaíocht seo timpeall an domhain do na Palaistínigh ag rá leis ‘Ní féidir troid ina aghaidh an domhain’. 

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.