An tOireachtas: féile a thug ardán náisiúnta don Ghaeilge

An Dr. Kerron Ó Luain

Bailíonn na Gaeil le chéile gach fómhar chun Oireachtas na Gaeilge a cheiliúradh. Téann scéal an Oireachtais siar go 1897, dár ndóigh, agus aimsir na hAthbheochana. Reáchtáladh an chéad Oireachtas ar an 17 Bealtaine 1897 sa Rotunda i mBaile Átha Cliath. Conradh na Gaeilge a d’eagraigh é an chéad uair. Amhail gnéithe eile den Athbheochan, bhí tionchar ag na Breatnaigh ar choincheap an Oireachtais. Ghlac athbheochanóirí na Gaeilge inspioráid ó Eisteddfod na Breatnaise.

Ócáid bheag a bhí sa chéad Oireachtas. Bhí naoi gcomórtas ann san fhilíocht, prós, scéalaíocht agus amhránaíocht. Bhí os cionn míle duine i láthair agus léiríodh don slua go bhféadfadh an Ghaeilge mórtas agus cruthaíocht a mhúscailt.

Sna blianta ina dhiaidh sin, tháinig slua liteartha agus idé-eolaíoch i láthair. Bhí múinteoirí, filí, sagairt agus náisiúnaigh óga, a chreid gur léirigh an Athbheochan cultúrtha dlisteanacht na saoirse náisiúnta, chun cinn. Tugadh ardán do scríbhneoirí agus taibheoirí a bhí ag teacht in inmhe, amhail Phádraig Mhic Phiarais agus Mháire Nic Shiubhlaigh. Tugadh duaiseanna d’fhoilseacháin a bheadh caillte murach an comórtas. Cuireadh comórtas ealaíona san áireamh in 1905, áit a raibh ceirdeanna, dearadh agus lámhscríbhinní faoi thionchar Ceilteach le feiceáil.

Reáchtáladh an fhéile i nGaillimh den chéad uair in 1913. Meascadh an scoláireacht agus an ceiliúradh, rinneadh díospóireachtaí poiblí ar an ngramadach agus ortagrafaíocht le hais comórtais sean-nóis le hamhráin ó Chonamara agus Cúige Mumhan. Bhí an tOireachtas faoin bpointe sin tar éis forbairt ó chomórtas beag isteach ina chomhdháil do ghluaiseacht na teanga, áit le smaointe a roinnt, cairdeas a thógáil, agus díograis a neartú.

Chuir Cogadh na nDúchrónach agus an Cogadh Cathartha (nó Frith-Réabhlóid 1922-3, mar is ceart a ghlaoch air) isteach ar reáchtáil an Oireachtais. Faoi 1925 bhí deireadh tagtha leis an bhféile. Reáchtáladh é arís in 1939, agus sna blianta ina dhiaidh sin cuireadh é ar bun in áiteanna eile seachas Baile Átha Cliath, agus cuireadh comórtais nua sa sean-nós, damhsa agus don óige ar bun. Faoi na 1970í agus 1980í bhí an fhéile forbartha go maith agus í ag nascadh pobail na Gaeltachta le cainteoirí Gaeilge uirbeacha.

Ní minic a bhí an tOireachtas sna sé chontae. Reáchtáladh é i mBéal Feirste in 1997 agus i nDoire in 2006. Is dearbhú é an tOireachtas a bheith á reáchtáil i mBéal Feirste ar an mborradh breise atá tagtha ar an athbheochan sa chathair agus na buanna suntasacha a baineadh amach don teanga le blianta beaga anuas. Go n-éirí go geal leis an bhféile sa Ghaelchathair!

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.