An tOireachtas ar an aer

Beidh borradh mór ar chraoltaí Gaeilge an tseachtain seo le teacht mar a mbeidh Oireachtas na Samhna 2025 á reáchtáil i mBéal Feirste. Tá stáisiúin náisiúnta agus áitiúla, TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta, BBC Gaeilge, Raidió Fáilte agus Raidió na Life, uile ag tabhairt bheochaint, cheol, agus chomórtais na féile cultúrtha seo chuig lucht féachana agus éisteachta in Éirinn agus thar lear.

Is iad imeachtaí Dé Céadaoin agus Déardaoin a tabharfaidh tús bríomhar don fhéile. Beidh TG4 ag craoladh go fairsing ó Halla na Cathrach agus ón ICC Béal Feirste, áit a seolfar Scéim Forbartha do Scríbhneoirí agus Scéalaithe Gaeltachta ar 15:30 Dé Céadaoin. Tá sé mar aidhm ag an scéim seo scríbhneoirí Gaeltachta a spreagadh chun tabhairt faoin scáileán, le tacaíocht ó Ghréasán na Meán Skillnet agus Ealaín na Gaeltachta.

Tráthnóna Dé Céadaoin, tabharfar aird ar earnáil na meán féin le Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, atá le craoladh beo ó 8 pm ar Sheinnteoir TG4 agus TG4.ie.

Déardaoin leanfaidh na craoltaí beo le sraith comórtas traidisiúnta: agallamh beirte ag 2 pm, sceitse daoine fásta ag 3 pm, agus comórtas sean-nóis na bhfear ag 7 pm, iad uile ar Sheinnteoir TG4 agus YouTube TG4. Ina dhiaidh sin, beidh 7LÁ: Beo ón Oireachtas, clár speisialta cúrsaí reatha á chur i láthair ag Máirín Ní Ghadhra ón ICC, ag tarraingt an lucht féachana isteach i gcroílár na féile.

Idir an dá linn, beidh Raidió na Gaeltachta beo ón láthair freisin. Dé Céadaoin, beidh Cóisir Cheoil le Dónall Mac Ruairí ar siúl ó 2.30 go dtí 5 tráthnóna i stiúideo Raidió Fáilte. Déardaoin beidh Michelle Nic Grianna ag láithriú Barrscéalta beo ó 11 ar maidin, le heagrán eile de Cóisir Cheoil níos déanaí sa lá, agus mórchomórtas sean-Nóis na bhFear le cloisteáil beo ón Halla Mór ag 7 pm.

Ó thaobh Raidió Fáilte beidh ócaid in ómós Ghearóid Uí Chairealláín Dé Ceadaoin i Raidió Fáilte ag 4 pm. Déanfaidh Uachtarán an Oireachtais 2025, Éamon Ó Cuív, pictiúr de Ghearóid Ó Cairealláin a nochtadh i stáisiun Raidió Fáilte mar chomóradh ar dhuine de bhunaitheoirí Raidió Fáilte a d’imigh in éag i mí na Nollag 2024.

Beidh craoladh beo ón oireachtas ag ‘Blas’ ar BBC Gaeilge ag 7.30 in Óstán Europa. Beidh an clár arna chraoladh ar BBC Raidió Uladh, BBC Raidió Feabhail agus ar BBC Sounds.

Is léir go mbeidh na meáin Ghaeilge i mbun a gcuid oibre le fuinneamh agus le paisean, ag tabhairt atmaisféar an Oireachtais chuig na mílte ar fud an domhain. Mar a dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4, “Ceiliúradh bríomhar atá san Oireachtas ar an gcruthaitheacht, an teanga agus meon an phobail.”

Tá na féilte, na comórtais, agus an spiorad Gaelach sin ar fad le fáil ar TG4, RnaG agus ar stáisiúin Ghaeilge ar fud na tíre – beo ón gcroí i mBéal Feirste.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.