Fuarthas Saighdiúir F neamhchiontach sa chás, cad é a dhéanfaidh muid anois?
Déardaoin seo caite tháinig scéal tubaisteach amach as cúirteanna Bhéal Feirste. Mar atá ráite ag cuid mhór daoine go dtí seo, is é an fhadhb gur lig muid dúinn féin dóchas a bheith againn.
Dóchas go mbeidh réiteach éigin ar an scéal atá ag crá Dhoire le níos mó ná 50 bliain anuas.
Mar a tharlaíonn leis na scéalta seo a bhaineann leis an chogadh, ní raibh, agus is cosúil nach mbeidh réiteach ar an scéal go deo.
Tá teaghlaigh Dhomhnach na Fola ag troid le níos mó ná 50 bliain anuas ag iarraidh an scéal a chur in a cheart. Tá na teaghlaigh ag lorg freagraí maidir leo siúd atá freagrach as a mbaill teaghlaigh a dhúnmharú.
Tá an méid a tharla ar an 30 Eanáir 1972 fite fuaite sa chathair go fóill. Ach tá spiorad na dteaghlach fite fuaite sa chathair fosta.
Tagann ceisteanna aníos ón bhreithiúnas a tháinig chun cinn Déardaoin. Is é an cheist is mó cén dóigh a bpléifear le ceisteanna oidhreachta amach anseo sna sé chontae.
Tá iarrachtaí ar bun ó 1998 dul i ngleic leis na ceisteanna atá fágtha taobh thiar den chogadh a tharla sa stáitín seo. Tá gach cuma ar an scéal nach mbeidh rialtas na Ríochta Aontaithe in ann aon rud a dhéanamh le dul i ngleic leis an cheist.
Níl aon mhuinín ag an phobal náisiúnach sna sé chontae sa chóras Bhriotanach, atá i ndiaidh a thaispeáint arís agus arís eile nach n-oibreoidh sé ar a son.
Tá an sean-mhana ann sa chathair agus sna sé chontae nach bhfuil ann do chóir Bhriotanach, agus is léir ón chás seo nach bhfuil.
Tá barraíocht le cailleadh ag rialtas na Ríochta Aontaithe sa troid seo. Polasaí lámhaigh agus maraigh acu, claonpháirteachas, agus ag Dia amháin atá a fhios ar na rudaí gránna eile a bhí idir lámha acu sa tréimhse sin.
Ní théann na rudaí a rinne an rialtas agus a chuid trúpaí leis an íomhá ghlan atá orthu féin ina n-intinn féin.
Tá sé sin scannalach go leor mar scéal é féin, ach an rud a chuirfeadh múisc ar gach duine seasmhach ná an gaisce a tháinig ó pholaiteoirí aontachtacha maidir leis an scéal seo le linn na seachtaine.
Mar fhreagra ar an nuacht chuaigh ceannaire de chuid an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh, Gavin Robinson, ar X lena rá go gcuireann sé fáilte roimh an chinneadh. Dúirt sé fosta nár chóir athscríobh a dhéanamh ar stair. Leis an phostáil seo, shíl ceannaire an pháirtí aontachtaigh is mó gur chóir íomhá de bhrat na reisiminte paraisúit a chur leis.
Cén dóigh a mbeidh aon dul chun cinn déanta anseo maidir le cúrsaí oidhreachta nuair atá ceannaire an Pháirtí Aondachtaigh Dhaonlathaigh ag baint sult as cinneadh a bhaineann le dúnmharú 14 shibhialtach neamhchiontach.
Feictear an brat a bhaineann leis an reisimint seo i gcónaí taobh amuigh den chathair nuair a bhíonn comóradh Dhomhnach na Fola ar siúl. Caithfear cuimhneamh air, áfach, gur mharaigh an reisimint seo sibhialtaigh i nDoire, i mBaile Uí Mhurchú agus Bóthar na Seanchille.
Bhí focail an bhreithimh suimiúil Déardaoin. Dúirt an sé go soiléir gur thosaigh na saighdiúirí ag scaoileadh le hairm ardluais ar shibhialtaigh neamharmtha. Dúirt sé fosta gurbh iad Saighdiúir G, H, F agus E na saighdiúirí a chuaigh isteach sa chearnóg agus atá freagrach as na básanna agus na daoine a goineadh.
Leis an fhuath a bhí le feiceáil an tseachtain seo maidir leis an chás seo tá sé deacair aon bhealach chun tosaigh a fheiceáil. Tá iarrachtaí ar bun chun dul i ngleic leis na ceisteanna a bhaineann le cúrsaí oidhreachta, ach, an bhfuil aon neart taobh thiar dóibh?
Is léir go bhfuil rialtas na Ríochta Aontaithe sásta fanacht go dtí go bhfuil na daoine nó na teaghlaigh a bhí bainteach leis na heachtraí marbh. Feictear sin leis an chás a bhaineann le Bridie Brown, bean chéile Sean Brown, agus í 87 agus go fóill ag troid in aghaidh rialtas na Ríochta Aontaithe ar son na fírinne.
Rud amháin nach n-athróidh mar gheall ar an eachtra seo is ea spiorád na dteaghlach atá ag troid ar son na fírinne. Mar a dúirt Tony Ó Dochartaigh, cathaoirleach Iontaobhas Dhomhnach na Fola, bhain siad amach a raibh uathu. D’athraigh siad stair. Níor chóir do dhuine ar bith dearmad a dhéanamh air sin.