Beidh Conradh na Gaeilge sa chúirt arís maidir le heaspa straitéise don Ghaeilge
Tá dáta eile faighte ag Conradh na Gaeilge maidir lena dtríú caingean dlí in aghaidh an Fheidhmeannais mar gheall ar an teip leanúnach chun straitéis don Ghaeilge a chur i bhfeidhm.
Tá Conradh na Gaeilge ag lorg athbhreithniú breithiúnach maidir leis an teip ón Aire Pobal Gordon Lyons, ag maíomh go bhfuil sé ag sárú a dhualgais dhlíthiúil aontaíodh mar chuid de Chomhaontú Chill Rìmhinn.
Dhearbhaigh breitheamh ag tús na seachtaine go mbeidh éisteacht ann an mhí seo chugainn lena fhiosrú an bhfuil cás acu.
Rialaigh an Ard-Chúirt in 2017 agus in 2022 go bhfuil an Feidhmeannas ag sárú a ndualgais cionn is nach bhfuil straitéis curtha i bhfeidhm acu.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!