Searmanas cuimneacháin Charlie Kirk ag lucht na heite deise

Bhí na mílte ag an tsearmanas ina raibh Uachtarán na Stát Aontaithe i measc na n-aoichainteoirí

Jack Mac Íomhair 

Rinne Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, cur síos ar an ghníomhaí choimeádach Charlie Kirk, nach maireann, mar ‘laoch mór na Stát Aontaithe,’ agus ‘mairtíreach,’ ag an imeacht ina raibh na deicheanna mílte daoine ann. Tharla an t-imeacht i Staid State Farm, in Arizona.

Bhí Trump i measc cainteoirí eile ar a n-áirítear Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe JD Vance, Tucker Carlson, agus baill d’eagraíocht Kirk, Turning Point USA. Bhí na cainteoirí ar fad ag moladh oidhreacht Kirk i ndiaidh gur maraíodh é ar an 10 Meán Fómhair. 

Thug Erika Kirk, bean chéile Kirk, óráid agus na deora léi. Dúirt Erika go dtugann sí maithiúnas don duine a mharaigh a fear céile.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.