Teachtaireacht shoiléir ag an Dream Dhearg agus Uachtarán Chonradh na Gaeilge ag Agóid Náisiúnta na nGael
Bhí teachtaireacht shoiléir eile ag an Dream Dhearg agus Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin Dé Sathairn, chomh maith le teachtaireacht faoin Ghaeilge.
Chuir an Dream Dearg postáil ar na meáin shóisialta cúpla lá roimh an mhórshiúl. Sa phostáil bhí an Dream Dearg ag iarraidh ar an tslua Dé Sathairn bratach na hÉireann a athghabháil. Bhí siad ag iarraidh ar dhaoine ag freastal ar an mhórshiúl a bheith bródúil as an bhratach agus na luachanna a bhaineann léi a chur in iúl.
Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, ón ardán De Sathairn, ‘Seasann muid gualainn ar ghualainn leis na daoine atá anois ag cur fúthu sa tír seo, daoine a d’fhulaing de bharr an choilíneachais,agus seasann muid go tréan i gcoinne na bhfórsaí sin atá ag iarraidh muid scaradh.’
‘Eascraíonn ciníochas ón choilíneachas agus mar phobal atá fréamhaithe i bhfealsúnacht an díchoilínithe, ní ghéilleann muid orlach don chiníochas.’
‘Ar an ábhar sin, tá sé ar dóigh bratach náisiúnta na tíre a fheiceáil ar foluain sna sluaite amach os ár gcomhair. Is siombail fhorásach don athmhuintearas í, bratach a chuimsíonn an todhchaí fhorásach mar a shamhlaigh ceannairí 1916 é agus ina raibh athshealbhú teanga náisiúnta na tíre mar dhlúthchuid do. Bímis bródúil as agus ná géilleamais ariamh don dúdheis í!’
‘Tá orainn gluaiseacht a thógáil atá in ann dul i ngleic leis na dúshláin ollmhóra atá os ár gcomhair amach.’
Léirigh an mórshiúl comhghuaillíocht le cúiseanna eile ar fud an domhain. Bhí bratacha Palaistíneach le feiceáil ar an lá, tacaíocht ón ceardchumainn, páirtithe polaitiúla, pobal na Gaeilge agus lucht tacaíochta eile.
Bhí óráid chumhachtach ag Heulyn Rees, ón Bhreatain Bheag, agus dúirt labhair sé ar an dlúthpháirtíocht atá ag Gaeilgeoirí anseo ó mhuintir na Breataine Bige.