Chuir McDonald í féin as an áireamh don toghchán, ach ceisteanna fós ann do Shinn Féin
I ndiaidh roinnt míonna d’anonn is anall, tá cinneadh déanta ag Mary Lou McDonald nach mbeidh sí ag lorg ainmniúchán ó Shinn Féin le bheith mar iarrthóir don uachtaránacht.
Leis sin ráite, cuireadh ceist ar McDonald maidir le hainmneacha eile sa pháirtí amhail Michelle O’Neill, Piaras Ó Dochartaigh, nó Rose Conway-Walsh agus dúirt McDonald gur luadh ainmneahcha atá san iomaíochta agus b’fhéidir go bhfuil ainmneacha eile ann fosta.
Dúirt McDonald go bhfuil ról aici fós sa Dáil, mar cheannaire ionadaithe Shinn Féin, agus ag déanamh cinnte go bhfuil freagracht ag an rialtas agus go bhfuil sí ag amharc chun tosaigh chuig an chéad olltoghchán eile.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!