Tá logainmneacha timpeall orainn, ach cad is ciall leo agus an bhfuil tionchar acu ar ár saol?

Caoimhín Ó Cadhla

Comharthaí bóithre i Ráth Chairn

Ar chuir tú ceist riamh cén fáth go bhfuil dhá leagan againn de logainmneacha in Éirinn agus cén fáth gurb é an leagan galldaithe an leagan is coitianta. Tá logainmneacha na hÉireann á ngalldú le níos mó ná míle bliain. Chuir na Lochlannaigh Veisafjǫrðr (góilín na réileán láibe) ar Loch Garman, a d’athraigh le imeachht ama go Wexford i mBéarla. Lean galldú logainmneacha na hÉireann le teacht na Normannach agus na Sasanach agus iad ag glacadh seilbh ar thalamh. Féachadh le leaganacha gallda na logainmneacha a chaighdeánú, agus gach logainm eile a ghalldú go córasach, in 1825 nuair a chuir an rialtas tús le Suirbhéireacht Ordanáis ar Éirinn.

Suirbhéireacht Ordanáis na hÉireann 1825 go 1846

Is próiseas coilínithe a bhí i gceist ag an réimeas Sasanach le galldú na logainmneacha. Tá clú agus cáil ar Sheán Ó Donnabháin agus Eoghan Ó Comhraí a bhí ag obair sa tSuirbhéireacht Ordanáis, agus níl aon amhras ann gur scoláirí iontacha a bhí iontu. Thug an taighde a rinne siad mar chuid den obair sin go leor eolais dúinn faoi na logainmneacha. Ach ag an am céanna caithfear a aithint go raibh siad ag obair le harm na Breataine. Bhí an tSuirbhéireacht Ordanáis á stiúradh ag oifigigh d’Innealtóirí Ríoga arm na Breataine, agus chonacthas don réimeas gallda go mbeadh mionsuirbhéireacht ar an tír an-úsáideach chun cáin a ghearradh agus ar mhaithe le pleanáil mhíleata.

Timpeall an domhain

Níorbh í Éire an t-aon tír a ndearna na Sasanaigh a logainmneacha a ghalldú. Bhí beagnach ceathrú de dhaonra an domhain faoi smacht na Sasanach ag tráth amháin agus rinne siad an rud céanna in Albain, sa Bhreatain Bheag, i gCorn na Breataine, i Meiriceá Thuaidh, san Astráil, sa Nua-Shéalainn agus san India. Tá tionchar an ghalldaithe sin le feiceáil go dtí an lá atá inniu ann. Glac, mar shampla, an sliabh is airde ar domhan. Sagarmāthā (bandia na spéire) agus Qomolangma (máthair naofa) na hainmneacha áitiúla atá air i Neipeal agus sa Tibéid faoi seach, ach ‘Mount Everest’ an t-ainm a bhaist na Sasanaigh air, as George Everest, Suirbhéir Ginearálta na hIndia faoi réimeas na Sasanach.

An dinnseanchas

Bhí saothar níos ársa agus níos Gaelaí déanta ar na logainmneacha in Éirinn, sin é an dinnseanchas. Tá eolas ar shaothair dhinnseachais ón naoú haois i leith i lámhscríbhinní éagsúla. Tá thart ar 300 dán ar fáil le hachoimre phróis ar logainmneacha éagsúla. Tagann cuid mhaith d’fhoinsí na logainmneacha ón miotaseolaíocht, an Fhiannaíocht agus an Rúraíocht san áireamh.

Logainmneacha Gaeltachta 

An leagan Gaeilge an t-aon leagan oifigiúil atá ar logainmneacha na Gaeltachta ó 2003 i leith. Mar sin féin ní bheadh a fhios sin ag mórán, mar tá cuid mhaith de na comhlachtaí poiblí ag úsáid leaganacha galldaithe go fóill, 22 bliain níos déanaí!  Tugtar díolúine do chomhlacht poiblí amháin, a bhfuil cead acu fós leaganacha galldaithe de logainmneacha Gaeltachta a úsáid, sin é Suirbhéireacht Ordanáis na hÉireann (Tailte Éireann mar atá orthu anois). Tá siad fós ag galldú, is léir!

Díghalldú ag teastáil

Is sampla iad logainmneacha Gaeltachta ba chóir a leathnú amach tríd an tír ar fad. Níl aon chiall leis na logainmneacha galldaithe. Féach nach nglaoim logainmneacha Béarla orthu mar níl aon chiall leo sa Bhéarla. Mar shamplan Phoenix Park do Pháirc an Fhionnuisce, ní raibh baint dá laghad ag féinics riamh leis an bpáirc sin. Nó Enfield don Bhóthar Buí. Mar chuid den phróiseas díchoilínithe is gá dúinn logainmneacha i nGaeilge amháin a bheith againn. Tá tús curtha leis seo ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. I limistéir na n-údarás áitiúl seo ní mór ainm Gaeilge amháin a bheith ar gach eastát tithíochta nua. Tá gá chomh maith breathnú ar chuid de na logainmneacha a bhfuil oidhreacht choilíneach acu. Mar shampla, tá Cromwellsfort ann, ainmnithe as fear a rinne cinedhíothú ar thrian de dhaonra na hÉireann sa seachtú haois déag. Tá sráideanna i gcathair Bhaile Átha Cliath ainmnithe as an Rí Liam Oráiste ón teaghlach Oráiste-Nassau, Sráid Nassau mar shampla. Tá ainm eile Gaeilge ar an tsráid sin, Sráid Thobar Phádraig.  Tá an tobar sin fós ann ar thalamh Choláiste na Tríonóide. 

Logainm.ie

Tá áiseanna iontach ann chun eolas a fháil ar na logainmneacha, logainm.ie agus placenamesni.org. Ní gach eolas bailithe ar na logainmneacha ar fad fós. Chuige sin tá tionscnamh ann dar teideal Meitheal Logainm. Is féidir leis an bpobal eolas a thabhairt ansin faoi aon logainm. Má tá eolas agat faoi logainm faoi leith bí i dteagmháil leo.  

Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.