Julie Anne de Brún

Údar: Fearghas Mac Lochlainn
Maisitheoir: Paddy Donnelly
Foilsitheoir: Futa Fata
Foilsithe: 2025
Aoisghrúpa: 5+

Is leabhair an-spraίúil ar fad é Púisίn na mBrόg atá tarraingteacha agus nua-aimseartha. Seo seo an tríú leabhar sa tsraith véarsaíochta atá foilsithe ag Futa Fata le cúpla bliain anuas. Tá siad ar chuid de na pictiúrleabhair is fearr atá ar fáil do pháistí. Is cinnte gur leabhar é Púisίn na mBrόg a roghnódh páistí idir 5 go 12 iad féin.  

Tosaίonn an scéal le Maidhc an muilleoir ag éirí as. Tá triúr mac aige. Fágann sé an muileann ag Micil, capall ag Páidín agus cat ag Cóilín. Níl Cóilín róshásta leis seo. Is cat an-speisialta é toisc nach gnáthchat é Puisín na mBróg. Tá neart cainte aige agus dár ndόigh tá pleananna móra aige freisin!

Puisίn na mBrόg lán le greann agus iontach le léamh os ard. Is síscéalta le casadh a bhaineann le fantaisíocht é. Is scéal é a bhaineann le maith in éadan oilc, le draíocht agus le cuardach saol nίos fearr ag Cόilίn bocht. Tá mé lánchinnte go mbeidh idir óg is fásta faoi gheasa ag an bpuisín beag glic seo.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.