Cóilín Duffy, i na Solláin
Bhain muintir na Sollán agus cuairteoirí ó chian is ó chóngar an-taitneamh as Féile na Sollán an deireadh seachtaine seo caite, féile atá anois ar cheann de na hócáidí Gaeilge is mó a mbíonn súil léi i gCill Dara gach bliain. Agus an ghrian ag taitneamh ar feadh bhunús an ama, bhí cuma ceiliúrtha samhraidh ar na sráideanna agus ar an gcanáil.
Thosaigh an fhéile Dé hAoine le Tob-Ghaeltacht agus seisiún traidisiúnta in óstán JP Healy’s, áit ar líon ceoltóirí áitiúla agus cuairteoirí an teach tábhairne le poirt, damhsa agus amhráin. Bhí atmaisféar pobail le brath láithreach, an Ghaeilge á húsáid go nádúrtha agus cairdeas nua á chruthú os cionn gloine.
Níor chuir an Satharn díomá ar éinne. Ó cheol do pháistí go ceardlanna drumaí, bhí rud éigin ar fáil do gach aoisghrúpa. Ba mhór an rath a bhí ar na seónna puipéad, agus chuir an céilí do pháistí an halla áitiúil ag luascadh le gáire agus spraoi. Ach b’fhéidir gurbh iad na himeachtaí cois canála ba mhó a chuaigh i gcion, ceol beo ar an stáitse faoin aer, rinceoirí ag léim le Scoil Rince Rita Sutton, agus na ceoltóirí Polannacha Inisowiacy ag tabhairt blas idirnáisiúnta don fhéile.