Féile Na bPuiteachaí 2025, Inis Meáin

Dé Aoine agus Dé Sathairn 19-20 Meán Fómhair 2025 Halla Naomh Eoin, Inis Meáin

DÉ AOINE AN 19 MEÁN FÓMHAIR
8 PM OSCAILT NA FÉILE & OÍCHE CHULTÚIR Léiriú speisialta ar an stáitse le gasúir Scoil Náisiúnta Inis Meáin, An tAchrann sa nGarraí agus oíche filíochta ina dhiaidh.

DÉ SATHARN AN 20 MEÁN FÓMHAIR
11 AM PÁIRCRITH NA BPUITEACHAí
Cúrsa 5km. Is féidir siúil, sodar, rith nó cúnamh a thabhairt.
12 MEÁN LAE, TAE NA FÉILE AGUS MARGADH NA FÉILE Lón agus sóláistí ó 12 MEÁN LAE GO 1 PM (6), margadh le rogha ceardaíochta, ealaíne, bia agus eile.
12.30 PM TÓRAÍOCHT TAISCE Toraíocht taisce do ghasúir
1.30 PM CEARDLANN EALAÍNE
Ceardlann le dúch puiteachai
1.30 PM SIÚLÓID DÚLRA Siúlóid seanchais ar an gCreig

3 PM COMÓRTAS BÁCÁLA & AN FATA IS MÓ Duaiseanna le bronnadh. Clárú sa halla idir 1 agus 3 pm. Urraithe ag Cniotáil Inis Meáin agus Siopa Ruaidhrí Beag.

9 PM CEARDLANN MANGLAM
Déan manglaim bhlasta le puiteachaí ag Teach Ósta Inis Meáin. Ticéid €20 ag www.inismeainbeo.ie
(Ocáid 18+)

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.