Elbira Zipitria Irastorza agus na scoileanna Bascaise ikastola 

An Dr. Kerron Ó Luain

Elbira Zpitria in 1939
Grianghraf: Jesús Elosegui Irazusta/Vicipéid

Ba oideachasóir ceannródaíoch i dTír na mBascach le linn an fhichiú haois í Elbira Zipitria Irastorza (1906-1982). Le linn tréimhse a raibh an Bhascais faoi chois, rinne Zipitria an teanga a athbheochan trí líonra scoileanna baile a bhunú. 

D’fhás Zipitria aníoss in Donostia (San Sebastián i Spáinnis). Thug sí faoi chúrsa ábhar oidí nuair a bhí sí 16, agus bhain sí a céim amach in 1926. Ghlac sí post i scoil Koruko Andre Mariaren Ikastetxea áit ar mhúin sí páistí 6 bhliain d’aois. 

Bhí spéis aici i gcúrsaí polaitíochta agus cultúrtha chomh maith. Ghlac sí ballraíocht i gcumann na mban i bPáirtí Náisiúnta na mBascach, a raibh sí mar rúnaí de ó 1934 ar aghaidh. Bhí sí mar bhall de Euskaltzaleak, eagraíocht ghnímh ar son na Bascaise, agus Eusko Ikaskuntza, cumann an léinn Bhascaigh.

Bhog sí chun na Fraince le linn Chogadh Cathartha na Spáinne, ach d’fhill sí ar Donostia i ndiaidh an chogaidh in 1939. In 1943, thosaigh sí ag múineadh páistí ina dtithe féin ar feadh tamaill. Bhunaigh sí rang beag páistí ina teach féin in 1946. Bhunaigh sí an chéad ikastola, nó scoil bhaile Bascaise, sa bhliain 1956 in Donostia agus, sna blianta ina dhiaidh sin, leathnaigh sí na scoileanna sna cúigí Bascacha eile.

Reáchtáladh na ranganna sna scoileanna seo thart ar an mbord cistine agus na páistí suite ann ar nós clainne. D’éirigh chomh maith sin leis an modh seo, gur úsáideadh é chun daoine fásta a mhúineadh ina dhiaidh sin. Bhunaigh comhghleacaithe le Zipitria ar nós Xabier Peña, María Ángeles Garai, Juliana Berrojalbiz agus Tere Rotaetze roinnt mhaith scoileanna ikastola chomh maith agus mhúin siad iontu.

Sna 1960í bunaíodh 71 scoil i mbailte agus cathracha dátheangacha Thír na mBascach, cé go raibh sé mídhleathach a leithéid a dhéanamh. Ach bhí an t-éileamh ann i measc phobal na mBascach agus ní raibh na húdaráis Spáinneacha in ann na scoileanna a chur faoi chois. Chun a náire a sheachaint, bheartaigh na húdaráis stádas dleathúil mar scoileanna eaglaise a thabhairt do na ikastolas

Tugadh cead oifigiúil don scoil Orixe Ikastola sa bhliain 1970 in Donostia. Cé nach bhfaigheann siad maoiniú stáit, aithnítear na ikastolas mar chuid den chóras scolaíochta poiblí i dTír na mBascach (an chuid atá i stát na Spáinne) sa lá atá inniu ann.

Tá a múnla féin oideachais, ar a nglaoitear an “oideolaíocht fhorásach”, ag na ikastolas, atá dírithe ar an gcuraclam Bascaise agus béim láidir ann ar an ilteangachas chomh maith. Tá 114 ikastola ann faoi láthair, ina bhfuil 4,500 múinteoir ag múineadh, 500 oibrí, agus breis agus 50,000 páiste ag foghlaim. Tá ionchur ag tuismitheoirí na bpáistí sa ghluaiseacht agus an formhór mór acu mar chuid de chomharchumann a reáchtálann na scoileanna.

Chuaigh Elbira Zipitria ar scor ó scoil Orixe in 1971 agus í 75 bliain. Bhí sí in ísle bhí in amanna i gcaitheamh a saoil de bharr na géarleanúna a deineadh uirthi de bharr gur gníomhaire agus múinteoir Bascaise a bhí inti. Mar sin féin, leag sí dúshraith shuntasach don teanga a bhí mar bhunchloch don athbheochan sa tír. Fuair sí bás in Donostia in 1982.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.