Bhí an Taoiseach Micheál Martin ag labhairt ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil Éire sásta agus réidh a cuid féin a dhéanamh chun réiteach dhá stát a bhaint amach idir Iosrael agus an Phalaistín.
Bhí Martin ag labhairt ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe le linn cruinniú mullaigh ar an réiteach dhá stát. Dúirt sé go bhfuil seans ann nach mbeidh deis eile ann chun réiteach dhá stát a bhaint amach mura ngníomhaíonn an pobal idirnáisiúnta ar an cheist anois.
Chuir Martin fáilte roimh an aitheantas atá roinnt tíortha a thabhairt don Phalaistín an tseachtain seo. D’fhógair príomh-aire na Breataine, Keir Starmer, Dé Domhnaigh go mbeidh aitheantas á thabhairt ag an Ríocht Aontaithe don Phalaistín.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!