Tá agóid náisiúnta na nGael le tarlú Dé Sathairn seo agus tá an chuma air go mbeidh na mílte amuigh ag máirseáil ar son cearta teanga. Ní hé seo an chéad uair a tharla sé seo. Bhí mórshiúl náisiúnta ann in 2014 ag éileamh na gceart céanna. Is léir nach bhfuil na rialtais dáiríre faoi fhreastal a dhéanamh ar an nGaeilge. Tá 4 mhórsprioc ag an agóid seo:
1. Gach iarracht a dhéanamhdeis a thabhairt do phobal na Gaeltachta cónaí ina áit dúchais.
2. Maoiniú ceart a thabhairt le haghaidh seirbhísí Gaeilge.
3. An Roinn Oideachais stad de bheith ag imeallú na Gaeilge trí leathnú ar an díolúine agus trí bhac ar Ghaelscoileanna agus Gaelcholáistí nua a oscailt.
4. Na rialtais thuaidh agus theas beart a dhéanamh de réir a mbriathair maidir lena straitéisí, polasaithe, dlíthe agus araile i dtaobh na Gaeilge de nach bhfuil siad ag comhlíonadh faoi láthair.
Cibé leithscéal atá ag an stát tuaisceartach de bharr cúrsaí coilíneachais a chuireann bac ar na cearta teanga seo, níl an leithscéal céanna ag an rialtas ó dheas. Tá meon ann sa státchóras atá ina aghaidh na teanga a fuair siad ón am a raibh an státchóras faoi riail Shasana, meon nár athraigh riamh. Is é mo thuairim go bhfuil príomhoifigeach sochtheangeolaíochta ag teastáil chun anailís sochtheangeolaíochta a dhéanamh ar gach gníomhaíocht stáit, agus an stát a threorú chun a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil, rud nach bhfuil fíor ó cuireadh ailt 8.1 sa bhunreacht in 1937. Tá athrú radacach ag teastáil láithreach nó caillfear an Ghaeilge sa Ghaeltacht roimh i bhfad. De réir an daonáirimh is déanaí níl ach 20% de dhaonra na Gaeltachta ag labhairt Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais. Beidh an Ghaeilge imithe mar theanga phobail sa Ghaeltacht mura n-athraítear treo láithreach. Mar sin, bí amuigh ag an agóid agus léirigh d’fhearg. Bí dearg le fearg mar a bhíomar in 2014!
Caoimhín Ó Cadhla