Chuaigh agóideoirí chun sráide ag tús na seachtaine chun fearg a léiriú faoin rialtas

Tá cíor thuathail i Neipeal, agus agóideoirí ag lorg lánscor parlaiminte agus toghcháin úra.
Thosaigh an scéal ar an 4 Meán Fómhair nuair a cuireadh cosc ar 26 ardán meán sóisialta, agus an rialtas ag rá nach raibh siad in ann clárú go háitiúil, agus imní ann maidir le heolas míchruinn agus fuathchaint. Cuireadh cosc ar ardáin cosúil le Facebook agus X.
De thoradh air sin, chuaigh na mílte, cuid mhór acu ina mic léinn, chun na sráideanna faoi bhrat ‘Agóidí Ghlúin Z’, ag cáineadh an choisc agus éilliú atá forleathan sa tír. Tharla léirsithe in Katmandu, Pokhara, Chitwan agus cathracha eile. Rinneadh iarracht ruathar a dhéanamh ar an pharlaimint, agus d’úsáid na póilíní canóin uisce, deoirghás, piléir rubair agus piléir luaidhe ansin.
Maraíodh ar a laghad 19 agóideoir, agus gortaíodh na céadta ag an agóid Dé Luain.