An Dr. Kathleen Lynn (1874-1955)

An Dr. Kerron Ó Luain

Chuaigh an Dr. Kathleen Lynn ar shlí na fírinne an tráth seo bliana, an 14 Meán Fómhair, sa bhliain 1955. Ba dhochtúir leighis agus gníomhaí polaitiúil í Lynn, a rugadh ar an 28 Eanáir 1874 i Mullach Faraidh, gar do Chill Ala i gCo. Mhaigh Eo. Ba í Kathleen an dara hiníon a rugadh. Bhí beirt deirfiúracha agus deartháir amháin aici agus ba é Robert Lynn, ministir de chuid Eaglais na hÉireann, agus Catherine Lynn a tuismitheoirí.

D’ainneoin go raibh sí gaolta leis an uasaicme agus gur fhás sí aníos go compordach, chaith sí a gairm ag plé leo siúd a bhí ar an ngannchuid. Is cosúil go raibh tionchar ag an mbochtaineacht agus gníomhaíocht talún a bhí le sonrú i gCo. Mhaigh Eo agus í ina páiste uirthi, óir theastaigh uaithi teacht ar réiteach polaitiúil agus pragmatach ar an gcruatan.

Fuair sí a hoideachas i Manchain agus Düsseldorf, agus ina dhiaidh sin d’fhreastail sí ar Choláiste Alexandra i mBaile Átha Cliath. Bhain sí céim ó Shráid Cecilia, scoil leighis na hOllscoile Caitlicí, in 1899 agus, i ndiaidh di tabhairt faoi obair iarchéime i Stáit Aontaithe Meiriceá, rinneadh comhalta de Choláiste Ríoga na Máinlia in Éirinn í in 1909. Diúltaíodh post in Ospidéal Adelaide di de bharr a hinscne, ach d’éirigh léi taithí a fháil in Ospidéal Patrick Dun agus in Ospidéal an Rotunda.

Ba chúntóir cliniciúil í idir na blianta 1910 agus 1916 in Ospidéal Ríoga Victoria don Chluas agus Súil. Ba an chéad dochtúir baineann cónaithe í san ospidéal sin, ach níor tugadh cead di filleadh i ndiaidh Éirí Amach 1916. Bhí cleachtadh príobháideach aici ina teach cónaithe ag 9 Bóthar Belgrave, Ráth Maoinis, idir 1903 agus 1955.

Ba shufraigéid agus náisiúnaí í, agus tháinig sí faoi anáil Helena Molony, Constance Markievicz, agus Shéamuis Uí Chonghaile. D’oibrigh sí i dtithe anraith le linn Fhrithdhúnadh 1913, tráth a raibh sí go dlúth i measc bhochtáin Bhaile Átha Cliath.

Ghlac sí ballraíocht le hArm Cathartha na hÉireann (ACÉ) agus mhúin sí garchabhair do Chumann na mBan. Agus í ina príomhoifigeach leighis do ACÉ le linn Éirí Amach 1916, thug sí cúram dóibh siúd a bhí gortaithe ó Halla na Cathrach. Cuireadh i ngéibheann í le Helena Molony agus Madeline ffrench-Mullen i ndiaidh an Éirí Amach.

Ba shóisialaí díograiseach í chomh maith. Bhí sí mar leasuachtarán oinigh ar Cheardchumann Oibrithe Ban na hÉireann in 1917 agus cháin sí droch-choinníollacha oibre na mban. Le linn do Shinn Féin a bheith ag forbairt go polaitiúil in 1917 rinneadh leasuachtarán de choiste gnó an pháirtí í, agus sa tréimhse chéanna b’ionad lárnach teach Lynnn do mhná Shinn Féin agus Cumann na dTeachtairí, eagraíocht fheimineach poblachtach a rinneadh feachtasaíocht ar son tuilleadh ionadaíochta do mhná laistigh de Shinn Féin agus saol poiblí na hÉireann trí chéile.

Cuimhnítear ar Lynn chomh maith as Ospidéal Naomh Ultan do Pháistí a bhunú in 1919 in éineacht le ffrench-Mullen. Ba  é an aidhm a bhí ag an ospidéal áiseanna a chur ar fáil do leanaí bochta agus a máithreacha. Cé go raibh sí gníomhach i ndeisceart Thiobraid Árann le linn Chogadh na nDúchrónach chuaigh a seasamh náisiúnta i léig i ndiaidh 1923.

An bhliain sin toghadh í mar Theachta Dála do Shinn Féin ar an taobh frith-Chonartha, ach níor ghlac sí a suíochán de bharr pholasaí an neamhfhreastail. Níor éirigh léi a bheith tofa arís in 1927 ach bhí sí gníomhach ar chomhairle uirbeach Ráth Maoinis idir 1920 agus 1930, áit ar labhair sí ar son thithíocht mhaith agus an ghalarchoisc. 

Ag Ospidéal Naomh Ultán, spreag Lynn an taighde náisiúnta chun fáil réidh leis an eitinn. Sa bhliain 1937, chuir an t-ospidéal an t-ionaclú i bhfeidhm a chur stop leis an ngalar. Bhí spéis aici i gcónaí i gcúrsaí péidiatraice agus thug sí cuairt in éineacht le ffrench-Mullen ar Mheiriceá in 1925 chun airgead a bhailiú agus staidéar a dhéanamh ar chúrsaí péidiatraic. Spreag cuairt an Dr Maria Montessori ar Ospidéal Naomh Ultan in 1934, Lynn le tuilleadh spéise a chur san oideachas óige.

Chuir sí an ghlaineacht agus an t-aer úir chun cinn i gcaitheamh a saoil. Bhí sí bainteach le An Óige, agus thiomnaigh sí a theach i nGleann Molúra don eagraíocht. Is féidir fanacht ann go fóill sa lá atá inniu ann. 

Tugadh sochraid iomlán mhíleata di nuair a bhásaigh sí i dteach altranais Naomh Muire i mBaile Átha Cliath in 1955. Tá cuimhne uirthi i ngeall ar a gníomhaíochas polaitiúil agus sóisialta; bhí sí mar chuid de ghlúin réabhlóideach de mhná polaitiúla a tháinig chun cinn sna 1910í ach a chaith an chuid eile dá saoil i luathbhlianta an tSaorstáit, nuair a caitheadh fís na mban i dtraipisí, ag plé leis an bhfeimineachas trí chúrsaí máthartha.

Tá feachtas ar an bhfód le roinnt blianta Ospidéal Náisiúnta na bPáistí nua i mBaile Átha Cliath a ainmniú aisti.

Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.