Teach in inmhe agus titim Chaomhaoir Órga, 2012-2020, Cuid 1

An Dr. Kerron Ó Luain

Ó tháinig neart faoin ngluaiseacht chiníoch i sé chontae fichead na hÉireann le blianta beaga anuas, tá na hionsaithe ar eachtrannaigh agus daoine de dhath imithe in olcas. Fiú roimh an bpaindéim, thiar in 2018 agus 2019 bhí óstáin agus lóistín a bhí sainaitheanta do theifigh á ndó. Ach in 2023 agus 2024 tháinig ardú as cuimse ar na hionsaithe coirloiscthe céanna. Anuas air sin, tá ardú tagtha ar líon na gcoireanna fuatha le cúpla bliain anuas. Bhí ardú 4% ar choireanna den chineál sin idir 2024 agus 2023. Sa tréimhse chéanna, tháinig ardú ar líon na gcoireanna fuatha de bharr an chiníochais ó 36% go 39%, agus ina theannta sin d’ardaigh coireanna fuatha bunaithe ar an náisiúntacht ó 18% go 25%.

Dá dhonacht na staitisticí áirithe sin, cuireann siad scéal níos measa fiú faoi cheilt, is é sin go bhfuil na hionsaithe fíochmhara foréigneacha i gcoinne eachtrannach ag tarlú ar bhonn níos minicí. Níl staitisticí na bliana seo againn go fóill, ach tá a fhios againn ó thuairiscí nuachta go bhfuil ardú tagtha ar líon na ndaoine ó phobal na hIndia atá á n-ionsaí thart ar Bhaile Átha Cliath, i dTamhlacht go háirithe. Anuraidh, maraíodh Josip Strok, fear as an gCróit, i gCluain Dolcáin de bharr gur chualathas é ag labhairt ina theanga dhúchais. Tá sciar den lucht oibre, an lumpenproletariat (eilimintí frithshóisialta agus coirpeach), atá ag baint leas as an treisiú sa chiníochas san allagar, ar na meáin shóisialta go háirithe, mar leithscéal chun dul i mbun ionsaithe ar eachtrannaigh agus daoine de dhath. Creideann an dream céanna go dtugann gluaiseacht náisiúnach na heite deise dlisteanacht dóibh foréigean a úsáid i gcoinne na bpobal seo.

Tá ionsaithe den chineál seo á ngríosú ag urlabhraithe na heite deise i bhfad amach. Sa Ghréig tamall gairid de bhlianta ó shin bhí páirtí polaitiúil Naitsíoch, Chrysí Avgí, nó Camhaoir Órga i nGaeilge, ann a chuaigh i bhfad Éireann níos faide ná ionsaithe mar seo a spreagadh. Ba chóir go dtabharfadh a fás Chaomhaoir Órga foláireamh d’éinne in Éirinn atá i gcoinne pholaitíocht na heite deise i bhfad amach. Ach cad as ar tháinig Camhaoir Órga na Gréige?

Bhí an eite dheas i bhfad amach ar imeall na polaitíochta sa Ghréig ó thit réimeas giunta na tíre in 1974. Ní raibh sé de chumas ag aon pháirtí faisisteach a bhain leas as an bhforéigean, a bhí ciníoch go hoscailte agus a dhiúltaigh don daonlathas aon dul chun cinn polaitiúil a dhéanamh sna blianta ina dhiaidh sin. Is é sin gur tháinig Camhaoir Órga in inmhe in 2012 nuair a bhuaigh siad beagnach 7% den vóta agus 21 suíochán sa pharlaimint.

Is mithid teacht chun cinn Chamhaoir Órga a thuiscint i gcomhthéacs na géarchéime eacnamaíochta sa Ghréig, agus ar fud na hEorpa, in 2009. Mar a tharla in Éirinn, chuir an triúracht fhioscach (an tAontas Eorpach, Banc Ceannais na hEorpa agus an Ciste Idirnáisiúnta Airgeadais) polasaithe na déine i bhfeidhm. D’ardaigh na rátaí dífhostaíochta agus bochtaineachta as cuimse, agus gearradh seirbhísí sóisialta go dtí an chnámh, rud a chothaigh easpa muiníne in institiúidí an stáit. Chaill gnáthdhaoine dóchas i bpáirtithe an láir a bhí ag cur na bpolasaithe déine i bhfeidhm, rud a thug an deis do Chamhaoir Órga dul chun cinn a dhéanamh trí cheap milleáin a dhéanamh d’eachtrannaigh agus réitithe simplí a thairiscint d’fhadhbanna na cosmhuintire. Is é cliseadh an chórais chaipitligh a ghineann an faisisteachas, bíodh sin sna 1930í nó na 2010í.


Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.