Sheol TG4 Sceideal an Fhómhair 2025 i bPictiúrlann an Lighthouse i Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath, agus nochtadh séasúr a bheidh lán le daoine nua, scannáin nua Ghaeilge, cláracha faisnéise cumhachtacha, spórt beo agus cláracha samhlaíocha do pháistí.
Tugtar ardán i sceideal na bliana seo do mheascán éagsúil de scéalaíocht spéisiúil, ó phortráidí agus aistir chultúir go drámaíocht ar an scáileán mór agus fiosrúcháin shóisialta.
Tá an séasúr seo leagtha amach chun léargas a thabhairt ar shaol mhuintir na hÉireann sa lá atá inniu ann, beag beann ar a chasta is atá an saol sin, chun ceiliúradh a dhéanamh ar a gcruthaitheacht, chun na dúshláin a bhaineann leis a scrúdú, agus na háiteanna, na daoine agus na miotais a mhúnlaíonn an saol sin a fhiosrú.
Dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4: “Léiríonn Sceideal an Fhómhair 2025 TG4 láidreachtaí TG4 mar bhranda meán seirbhíse poiblí a bhfuil muinín ann. Tugaimid tús áite do chruthaitheacht na Gaeilge, do scéalta a bhfuil tábhacht leo agus do luach ar airgead poiblí. Tugann TG4 dearcadh ar leith ar shaol na hÉireann mar aon le feiceálacht agus stádas don Ghaeilge sa mhargadh meán cumarsáide domhanda seo a bhfuil an Béarla i réim ann.

Grianghraf: Martina Regan