Ní aontaíonn ach trian de vótálaithe le polasaí comharthaíochta sráide Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste

In ainneoin na treorach ó rapóirtéir de chuid na Náisiún Aontaithe, ní aontaíonn ach 31% leis an pholasaí de réir phobalbhreith LucidTalk

Jack Mac Íomhair 

Foilsíodh torthaí pobalbhreithe ó LucidTalk Dé Luain a chuir an cheist, ‘An aontaíonn tú le polasaí Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste.’ Faoi láthair níl ach tacaíocht ó 15% de chónaitheoirí de dhíth chun comhartha dátheangach a chur in airde.

Tháinig an polasaí sin i bhfeidhm in 2022, le tacaíocht ó Shinn Féin, an Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre, Páirtí na Comhghuaillíochta, Comhaontas Glas agus Pobal Seachas Brabús. Níor thacaigh an an Páirtí Aontachtach Daonlathach, Glór Traidisiúnta na nAontachtach ná an Páirtí Aontachtach Forásach leis an pholasaí.

Maidir leis na torthaí ón phobalbhreith LucidTalk, dúirt 31% as 3,028 a d’fhreagair an ceistneoir go n-aontaíonn siad leis an pholasaí le tairseach 15%, agus 14% eile a aontaíonn leis an pholasaí le tairseach níos airde (25%, 30%+).

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.