Domhnall Mac Concharraige

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Is balla cosanta de chuid na Rómhánach é Balla Haidrian atá suite i dtuaisceart Shasana. Cuireadh tús leis sa bhliain 122 agus tá clú agus cáil air fós sa lá atá inniu ann. Thart ar an am ar tógadh é bhí Impireacht na Róimhe ag a buaicphointe. Chlúdaigh sí cuid mhór den Eoraip, cuid den Afraic Thuaidh agus cuid den Mheánoirthear. Ar an taobh ó thuaidh den bhalla bhí an-chuid tréibheanna ann a thug fadbhanna móra do na Rómhánaigh, mar shampla na Cruithnigh agus na Caladónaigh. Mar sin shocraigh an tImpire Haidrian balla a thógáil chun na barbaraigh, mar a chonacthas do na Rómhánaigh iad, a choinneáil amach. Fáth eile ar tógadh é ba ea gur léirigh sé cumhacht na Róimhe do dhaoine taobh amuigh den impireacht. Dúirt Neil Faulkner, seandálaí Sasanach, gur ráiteas bolscaireachta é an balla chomh maith le gné chosanta.

Thóg trí léigiún d’arm na Róimhe, sin 15,000 fear san iomlán, an balla agus bhain sé sé bliana astu. Tá an balla 117 cilliméadar ar fad. Bhí dún ann gach cúpla míle ar feadh an bhalla ina raibh cúpla céad saighdúir mar gharastún. Meastar go raibh 10,000 saighdúir lonnaithe ar an mballa ag an am céanna nuair a bhí an balla críochnaithe. Ar gach taobh den bhalla bhí díog cosanta freisin. 

D’éirigh leis an mballa daoine ón Chaladóin, an t-ainm a thug na Rómhánaigh ar an réigiún ar an taobh ó thuaidh den bhalla, a choiméad amach ó na críocha Rómhánacha ar feadh tréimhse fhada, ach chomh maith leis sin stop sé saoránaigh ón mBreatain Rómhánach dul ó thuaidh, agus tá fianaise leis seo mar is beag déantáin Rómhánacha atá aimsithe ag seandálaithe ón am a raibh garastún ar an mballa. Tar éis bhás Haidrian tháinig meath ar úsáid an bhalla ar feadh tréimhse. Sa bhliain 138 thóg an tImpire Antoninus Pius balla nua, Balla Antoninus. Rinneadh an balla seo de chréafóg 100 cilliméadar níos faide ó thuaidh ná Balla Haidrian. Bhí níos mó dún ar feadh an bhalla seo, seo ach toisc gur de chréafóg a rinneadh é níl mórán de le feiceáil anois,  mar níl ach bunsraith an bhalla fágtha.


Ceisteanna buntuisceanna

  1. Liostaigh dhá chúis gur tógadh Balla Haidrian.
  2. Cén bhliain ar tosaíodh a thógáil an bhalla?
  3. Cé chomh fhada is atá Balla Haidrian?
  4. Cé mhéad saighdúir a mheastar a bhí lonnaithe ar Bhalla Haidrian nuair a críochnaíodh é?
  5. Céard a tharla don bhalla tar éis bhás an Impire Haidrian?
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.