Tá Féile ag céiliúradh 37 bliain ar an fhód agus tá an clár lán le himeachtaí den chéad scoith
Cuireadh tús le Féile an Phobail an deireadh seachtaine seo caite, agus tá an iliomad imeachtaí ag titim amach in iarthar Bhéal Feirste mar chuid de. Cuireadh tús le Féile an Phobail in 1988 mar fhreagra ar an choimhlint sna sé chontae. Bhí sé mar sprioc ag an fhéile ceiliúradh a dhéanamh ar an phobal, a chruthaitheacht, a fhuinneamh agus, a phaisean do na healaíona agus spórt.
D’fhás Féile an Phobail ó fhéile seachtaine amháin go dtí an fhéile ealaíone phobail is mó in Éirinn.
Dúirt Kevin Gamble, Stiúrthóir Fhéile an Phobail, go mbeidh, ‘gach rud ó thobamharclannaíocht, imeachtaí do pháistí, ceolchoirmeacha, spórt, caibidil, díospóireachtaí, amharcealaíona, turais agus siúlóidí, léamha litríochta, léiriú scannán, imeachtaí sláinte agus folláine agus i bhfad níos mó ar siúl i rith Fhéile.’
Bheadh sé deacair cur síos a dhéanamh ar an líon imeachtaí atá ar siúl mar chuid den fhéile, ach beidh níos mó ná 600 imeacht ann ar feadh 15 lá. Ritheann an Fhéile ón 26 Iúil go dtí an 10 Lúnasa.
Luaigh Gamble an tábhacht a bhaineann le Féile i mbliana do dhuine ar leith.
‘Bliain nach beag is ea í seo mar i ndiaidh níos mó na ceathrú céid ag déanamh turas dodhearmadta de Reilig Chathrach Bhéal Feirste, seo an samhradh agus an bhliain dheireanach a bheidh Tom Hartley ag treorú daoine thart ar na huaigheanna agus ag insint scéalta a raibh tionchar acu ar ár gcathair. Tá sé ar dhuine de na bunúdair taobh thiar d’fhás agus de rath thar barr Fhéile. Bhí treoir, ceannaireacht, scéalta agus turais Tom ina gcuid lárnach den fhéile agus cé go bhfuil a fhios againn nach mbeidh sé ina strainséir, crónófar a láithreacht ar na turais go mór. Thar ceann na foirne, an bhoird, na saorálaithe agus ghnáthphobal na féile, go raibh maith agat a Tom.’
Tá ómós tugtha do Tom Hartley i gclár na féile agus is cinnte go mbeidh na sluaite ag freastal ar chamchuairteanna reilige Tom le linn na féile.
Mar a bhíonn de ghnáth tá béim ar an Ghaeilge le linn na féile agus tá roinnt imeachtaí ann do Ghaeilgeoirí idir óg agus aosta. Tá cainteanna faoi chearta teanga agus cuid mhór imeachtaí teaghlaigh ar siúl.
Ar a bharr sin, tá an fhéile aitheanta as na cainteanna agus díospóireachtaí a tharlaíonn lena linn, agus i mbliana beidh cainteanna ann amhail, Stair Shaibhir: Preispitéirigh agus an Ghaeilge, An tEolas is Déanaí ar agus Chúlra Chás Seán Brown le Baill Teaghlaigh, KRW Law agus Ionad Pat Finucane, agus beidh, Mary Lou McDonald i gComhrá le hAndrée Murphy.
Bíonn ceolchoirmeacha agus ceol le cloisteáil ar fud iarthar Bhéal Feirste le linn Féile an Phobail, agus beidh leithéidí Pauline Scanlon agus Gráinne Holland ag óstáil ceolchoirmeacha agus ceardlann.
Bíonn conair an cheoil thraidisiúnta ar siúl i rith an ama fosta agus bíonn seisiúin ar siúl in áiteanna amhail caiféanna, ionaid siopadóireachta agus tithe tábhairne aitheanta ar fud na cathrach.
Chomh maith leis sin, mar atá luaite, tá imeachtaí iontacha spóirt sa chlár fosta, agus beidh Comórtas Cluichí Gaelacha Joe Cahill, Comórtas Cuiridh Peile Gaelaí Anto Finnegan do Dhaoine níos sine ná 40 Bliain D’aois, agus Féile 5k &10k a bhíonn mar bhauicphointe de na himeachtaí spóirt.
I mbliana fosta, beidh imeacht iontach ar siúl atá á reáchtáil ag an Eaglais Phreispitéireach agus imreofar dhá chluiche chairdiúla idir foirne fear agus ban as Éirinn agus Albain ag úsáid comhrialacha Camánachta agus Iománaíocht agus Camógaíochta.
Ní hiad seo ach cuid de na himeachtaí a bheas ar siúl, agus tá an clár iomlán ar fáil anseo.