
Léiríonn géilleadh maolchluasach an Aontais Eorpaigh do na Stáit Aontaithe sna comhráití trádála cé comh lag go bunúsach is atá an tAontas Eorpach, agus nach bhfuil ann go fírinneach ach fostát vasáilleach nach féidir dúshlán a máistir a thabhairt.
Tá an Eoraip ag glacadh le taraif 15% ar a gcuid earraí ag dul isteach sna Stáit Aontaithe, ach ní bheidh aon taraif ar earraí Meiriceánacha ag teacht isteach san Eoraip.
Tá tuilleadh le teacht freisin. Cé go ndeir foinsí Eorpacha nach mbeidh an earnáil cógaisíochta ag íoc níos mó ná 15%, deir na Meiriceánaigh go bhfuil socruithe nua le déanamh san earnáil seo ar mhaithe le táirgeadh cógaisíochta de chuid comhlachtaí Meiriceánacha a thabhairt abhaile go Meiriceá.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!